Text Size

An Ríordánach - Nótaí Ciúnais - Seán Ó Flaithearta

Start Date: 01 Apr 2013
End Date: 01 Jun 2013
Times:

An Riordánach - Nótaí Ciúnais - Seán Ó Flaithearta
Date: April, May 2013   Destination: The Blasket Centre  
An Riordánach - Nótaí Ciúnais - Seán Ó Flaithearta

The Great Blasket Centre is hosting a new exhibition of work by Aran Islander Seán Ó Flaithearta, entitled 'An Riordánach', based on the writings of one of the Irish Language's greatest poet, Seán Ó Riordáin. The exhibition of mixed media on paper will be launched on the 5 April and will run until end of May

Beidh taispeántas suaithinseach ealaíne á sheoladh in Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin ag a 7pm ar an Aoine, 5 Aibreán.

Seo taispeántas de chuid an ealaíontóra Seán Ó Flaithearta, taispeántas atá bunaithe ar shaothar Sheán eile, an file iomráiteach Seán Ó Ríordáin. Ba é an Flaitheartach a mhaisigh go healaíonta an leabhar Seán Ó Ríordáin: Na Dánta, leabhar ina bhfuil, cnuasaithe le chéile faoi aon chlúdach amháin, den chéad uair riamh, saothar iomlán filíochta Sheáin Uí Ríordáin: na trí chnuasach a foilsíodh lena bheo, Eireaball Spideoige (1952), Brosna (1964), agus Línte Liombó (1971), chomh maith leis an saothar a cuireadh i gcló tar éis don fhile imeacht ar shlí na fírinne, Tar Éis mo Bháis (1978). Léiríonn Ó Flaithearta aigne an fhile iomráitigh seo tríd an saothar, ina bhfuil trí scór pictiúr, a bhíog dánta Uí Ríordáin. Choimisiúnaigh na foilisitheoirí, Cló Iar-Chonnacht, na pictiúir don leabhar Seán Ó Ríordáin: Na Dánta a seoladh i mí na Nollag 2011.

Leanfaidh an taispeántas go dtí deireadh Bealtaine.

Event Calendar

Event Calendar
< July 2014 >
M T W T F S S
30 1 2 3 4 5 6
7 8 9 10 11 12 13
14 15 16 17 18 19 20
21 22 23 24 25 26 27
28 29 30 31 1 2 3


Tools

  • Print this page
  • Bookmark this page