Caisleán Chúirt an Bharraigh
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Carraig Tuathail, Contae Chorcaí
Uimhir Theileafóin: +353 21 488 2218
Uimhir Facs: Níl aon uimhir facs ann
Seoladh ríomhphoist: barryscourtcastle@opw.ie
Láithreán Gréasáin: Níl aon láithreán gréasáin ann
Uaireanta Oscailte
23 Bealtaine - 25 Meán Fómhair: Gach lá, 10.00 - 18.00
Meánfhad na cuairte: Uair an chloig
Cead isteach deiridh:45 nóiméad sula ndúntar é
Táillí Isteach
Saor in aisce
Áiseanna
Saoráidí: Taispeántas, leithris, carrchlós
Bialann/Seomraí Tae: Tá siad ann. Uimhir: +353 21 488 3864
(Arna bhainistiú i gcomhar le hIontaobhas Chúirt an Bharraigh)
Is i gCaisleán Chúirt an Bharraigh a bhí suíochán ríoga mhuintir Uí Bharraigh sa séú haois déag. An caisleán atá ann faoi láthair, is sampla breá é de ghnáth-thúrtheach a d'fheictí go coitianta in Éirinn, mar a bhfuil balla slán bábhúin timpeall air agus túir chúinne le feiceáil ann. Is mór an athchóiriú atá déanta sa Phríomh-Halla ar an gCéad Urlár agus sa Halla Mór ar an Dara hUrlár, áit a bhfuil sé feistithe agus troscán curtha isteach ann. Tá an tÚllord athchóirithe freisin agus é deartha de réir mar a bhí sé sa séú haois déag, agus tá gairdín luibhe curtha sa bhábhún. Is iad ECAD a thug cúnamh airgid don Iontaobhas le haghaidh an tionscadail seo.
Suíomh: Gar do Charraig Tuathail in aice le Bóthar Chorcaí/Eochaille (N25)
Bealaí Bus: Téigh i dteagmháil le hIonad Taistil Bhus Éireann, +353 1 8366111
Turais Threoraithe:
Uaslíon: 15
Fad: 50 nóiméad
Ní féidir cuairt a thabhairt ar an áit ach trí thuras treoraithe a dhéanamh. Sa chás go mbíonn grúpa cúig dhuine dhéag ann, ní mór turas a chur in áirithe roimh ré
Bileog Eolais/Treoirleabhar: Ar fáil i mBéarla
Imeachtaí Séasúracha: Fiosraigh an scéal roimh ré trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála thuas
An gceadaítear grianghraif/físeáin: Ceadaítear, ach ní mór do dhuine ceadúnas a fháil chun críocha tráchtála
Eolas Breise: Tá rochtain theoranta ag cuairteoirí atá faoi mhíchumas