Caisleán an Rois
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Caisleán an Rois, Cill Airne, Co. Chiarraí
Uimh. Gutháin: + 353 64 6635851
Facs: + 353 64 6635852
Ríomhphost: rosscastle@opw.ie
Láithreán Gréasáin: Níl ann
Uaireanta Oscailte
7 Márta - 23 Deireadh Fómhair : 09.30 - 17.45
Am deiridh iontrála 45 nóim. roimh am dúnta
Caithfidh grúpaí de 10 duine nó níos mó cuairt a chur in áirithint roimhré
Meánfhad Cuairte: 1 uair
Táillí Isteach
Táillí iontrála nua, níos ísle do Caisleán an Rois, a bheidh bailí ó 30 Bealtaine, 2011
Duine Fásta: €4.00
Grúp-Ráta & Daoine Scothaosta: €3.00
Páiste/Mac Léinn: €2.00
Ráta Clainne: €10.00
Áiseanna
Taispeántais. Leithris agus carrchlós/buschlós gar don láthair.
Bialann/Seomraí Tae: Níl ann
Sampla tipiciúil is ea an caisleán seo de dhaingean Thaoiseach Éireannach i rith na Meánaoiseanna. Níltear cinnte cén dáta a bunaíodh é ach is dócha gur thóg duine de thaoisigh uí Dhonncha an Rois é i rith an 15ú haois. Tá bábhún daingnithe timpeall air, a bhallaí á gcosaint ag túir chliathánacha, a bhfuil dhá cheann acu fós slán. Bhí cuid mhaith den bhábhún bainte faoin am ar cuireadh foirgneamh an Bheairic le taobh dheas an chaisleáin am éigin i dtreo dheireadh an 17ú haois. Tá troscán daireach ón 16ú agus 17ú haois sa chaisleán.
Tá rochtain ar urlár íochtarach an chaisleáin dóibh siúd le míchumais, má dhéantar coinne roimhré. Tabhair faoi deara, le do thoil, gur láthair thar a bheith gnóthach é seo agus d'fhéadfadh go mbeadh moill ann i rith mhíonna an tsamhraidh.
Féach freisin Teach agus Gairdíní Mhucrois, Feirmeacha Traidisiúnta Mhucrois, Páirc Náisiúnta Chill Airne agus Bráthairlann Mhucrois.
Láthair: 2km ó Chill Airne, gar don N71 (Bóthar Neidín)
Turais Threoraithe:
Turais ar sceideal. Cead isteach ar thurais threoraithe amháin.
Ní cheadaítear fisthaifeadáin/ceamaraí ar an turas.
Uaslíon daoine: 15
Fad: 40 nóiméad
Tugtar faoi deara go bhfuil an láithreán an-teoranta agus nach bhfuil scóip ann ach do ghrúpaí 15 dhuine. Ní mór gach grúpa turais a chur in áirithint roimh ré.
Bileog Eolais/Treoirleabhrán: Béarla, Gaeilge, Fraincis, Gearmánais, Iodálais
Grianghrafadóireacht/Fisthaifeadadh ceadaithe: Níl