Text Size

Charles Fort

Daingean Shéarlais

Sonraí Teagmhála

Seoladh:  Summer Cove, Cionn tSáile, Co. Chorcaí
Guthán:  +353 021 477 2263
Facs:  +353 21 477 4347
ríomhphost:  charlesfort@opw.ie
Láithreán Gréasáin:  Níl ar fáil

Uaireanta Oscailte

Samhain-8 Nollag: Gach lá, 10.00 - 17.00
9 Nollag - 13 Márta: Máirt - Domh, 10.00 - 17.00
14 Márta-Deireadh Fómhair: Gach lá, 10.00 - 18.00

Cead Isteach Deireanach: uair roimh am dúnta
Meánfhad na Cuairte: 1 Uair an Chloig

Táillí Isteach

Duine Fásta: € 4.00
Leanbh / Mac Léinn: € 2.00
Grúpa / Seanóir: &euor; 3.00
Teaghlach : € 10.00

Áiseanna

Ionad Taispeántais; leithris, leithris do chuairteoirí faoi mhíchumas
Bialann/Seomraí Tae:  Lár an Mhárta - Bealtaine- An deireadh seachtaine amháin
& Deireadh Fómhair
Meitheamh - Meán Fómhair - Gach lá.
Suíocháin - 50

 

 

 

Is sampla iontach de dhún réaltchruthach ó chuid dheireanach an 17ú haois é Daingean Shéarlais. Creidtear gur dhear William Robinson, ailtire an Ospidéil Ríoga i gCill Mhaighneann, Baile Átha Cliath, agus Ceannfort na nDaingnithe, an dún seo. Agus é ar cheann de na hionaid mhíleata is mó sa tír, bhí baint ag Daingean Shéarlais le roinnt de na heachtraí is tábhachtaí i stair na hÉireann. Na heachtraí is mó a raibh baint aige leo ná Cogadh Rí Liam 1689-91 agus an Cogadh Cathartha 1922-23. Ainmníodh Daingean Shéarlais mar Shéadchomhartha Náisiúnta i 1973. Trasna an inbhir, tá Dún Rí Shéamuis, a dhear Paul Ive i 1602.

 

Suíomh:  3km ó Chionn tSáile [cas ón mbóthar idir Corcaigh agus Cionn tSáile (R600) 2km ón mbaile]

 

 

Turais Treoraithe:
Uasmhéid daoine:  40
Fad ama:  1 uair an chloig

Bileog/Treoirleabhar:  Béarla, Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, Ollainnis, Iodáilis, Polainnis  
Imeachtaí Séasúracha:  Déan iad a sheiceáil roimh ré trí leas a bhaint as na sonraí teagmhála thuas 

Tógáil grianghraf/físeán ceadaithe:  Tá sé ceadaithe, ach ní mór ceadúnas a fháil má tá sé chun críocha tráchtála

 

Eolas breise:  Moltar do chuairteoirí bróga oiriúnacha a chaitheamh mar thoradh ar an talamh neamhchothrom. Tá cosc iomlán ar shiúl/seasamh ar bharr na mballaí (uchtbhallaí). Ní mór do leanaí a bheith in éineacht le duine fásta i gcónaí. Rochtain pháirteach ag cuairteoirí faoi mhíchumas. Tá an t-ionad taispeántais go hiomlán inrochtana ag cuairteoirí faoi mhíchumas.

 

 

 

 

 

 

Féilire Imeachtaí

Event Calendar
< May 2012 >
M T W T F S S
30 1 2 3 4 5 6
7 8 9 10 11 12 13
14 15 16 17 18 19 20
21 22 23 24 25 26 27
28 29 30 31 1 2 3


Cuardaigh an láithreáin

Uirlisí

  • Priontáil an leathanach seo
  • Leabharmharc an leathanach seo