Athenry Castle

Caisleán Bhaile Átha an Rí

Sonraí Teagmhála

Seoladh: Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
Uimhir Theileafóin:  +353 91 844797
Facs:  +353 91 845796
Ríomhphost:  athenrycastle@opw.ie
Láithreán Gréasáin:  Níl

 

 

 

Uaireanta Oscailte

3 Aibrean - 1 Deireadh Fómhair: Gach Lá 09.30-18.00.

2 Deireadh Fómhair - 22 Deireadh Fómhair: Luan - Déardaoin amháin, 10.00-17.00



Cead isteach deireanach 45 nóiméad. roimh dhúnadh.

Meánfhad na Cuairte: 1 Uair an Chloig

 

 

Táillí Isteach

Duine Fásta: EUR 3.00
Grúpa & Seanóirí: EUR 2.00
Leanbh / Mac léinn: EUR 1.00
Teaghlach: EUR 8.00

Áiseanna

Saoráidí: Taispeántas, bus/carrchlós in aice leis an láthair, leithris

Bialann/Seomraí Tae:  Níl

 

 

 

Tá Baile Átha an Rí ar cheann de na bailte múrtha meánaoiseacha is tábhachtaí atá fágtha in Éirinn, agus bunaíodh é nuair a thóg Meiler de Bermingham a chaisleán ansin c.1250.  Is é an halladhaingean an chuid is sine den chaisleán. Is foirgneamh mór cearnógach é nach bhfuil ann ach halla ar an gcéad urlár agus seomraí dorcha stórais dorcha thíos faoi. Le spreacadh breise a chur faoi, tá fána amach le híochtar an fhalla, cuma ar a dtugtar bataire.

Ag leibhéal na talún a bhí an t-aon bhealach amháin isteach ann ar dtús agus théití isteach ann ar staighre adhmaid taobh amuigh, cosúil leis an gceann athchóirithe atá ann anois. Bhí bealach isteach díreach uaidh sin go dtí an halla, seomra fáiltithe oifigiúil agus searmanais an chaisleáin. Is sa halla sin a d'fháiltíodh an tiarna roimh aíonna agus tionóntaí agus is ann a bhíodh sé i gceannas ar chúirt an mhainéir. Is dóigh gur as ciseán tine i lár an halla a thagadh an teas sa chéad am, agus go dtéadh an deatach amach trí louvre nó oscailt díreach os a chionn sa díon. Tá an losán nó an leithreas suite go trasnánach trasna ón bpríomhbhealach isteach go dtí an halla.

Léiríonn an tsnoíodóireacht bhreá taobh amuigh ar an doras agus taobh istigh de phéire de na fuinneoga a thábhachtaí is a bhí an halla. Sa stíl áitiúil, ar a dtugtar "Scoil an Iarthair" atá na gialla greanta le móitífeanna bláthacha, stíl idirthréimhseach idir an stíl Rómhánach agus an stíl Ghotach. Ó dheireadh an 12ú haois agus ó thús an 13ú haois an stíl sin agus tá sí le fáil freisin sna mainistreacha i gConga, i mBaile an Tobair agus i Mainistir na Búille.

Ón 13ú haois na forbhallaí bunaidh agus tá lúba arda nó scoilteanna le haghaidh na saighead sna meirilí nó sna codanna soladacha. Sa 15ú haois, cuireadh beanna a raibh claonadh an-ghéar orthu ó thuaidh agus ó dheas ar na huchtbhallaí sin le haghaidh díon nua a chur ag an leibhéal seo. Tá cuid de chéad bhalla imfhá<!--[if !supportFields]-->1)<!--[endif]-->laithe an chaisleáin ansin fós.

Tá rochtain ag cuairteoirí faoi mhíchumas ar urlár talún an chaisleáin

Suíomh:  I lár Bhaile Átha an Rí (Baile Oidhreachta)

Busbhealaí:  Téigh i dteagmháil le Bus Éireann, Ionad Taistil +353 1 8366111

Turais Threoraithe: 
Ar fáil ar iarratas
Uaslíon:  40
Fad:  45 nóiméad

Bileog Eolais/Treoirleabhar:  Béarla agus Gearmáinis          

Imeachtaí Séasúracha:  Úsáid na sonraí teagmhála sin thuas chun iad a fhiosrú roimh ré, le do thoil

Grianghrafadóireacht/Déanamh Físeán ceadaithe:  Tá, ach cead riachtanach chun críocha tráchtála

Eolas Breise:
Léiriú Closamhairc
Suíocháin do: 50 - 60
Fad: 20 nóiméad
Teangacha: Béarla.

 

 

Féilire Imeachtaí

Event Calendar
< October 2014 >
M T W T F S S
29 30 1 2 3 4 5
6 7 8 9 10 11 12
13 14 15 16 17 18 19
20 21 22 23 24 25 26
27 28 29 30 31 1 2


Uirlisí

  • Priontáil an leathanach seo
  • Leabharmharc an leathanach seo