Dún Aonghasa
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Árainn, Co. na Gaillimhe
Guthán: +353 99 61008
Facs: +353 99 61009
Ríomhphost: dunaonghasa@opw.ie
Láithreán Gréasáin: Níl ar fáil
Uaireanta Oscailte
20 Feabhra - Márta: Gach Lá, 09.30 - 16.00
Aibrean - Deireadh Fómhair: Gach lá, 09.45 - 18.00
Samhain - Nollag: Gach lá, 09.30 - 16.00
7 Eanair - 19 Feabhra: Céad - Domh, 09.30 - 16.00
Táillí Isteach
Duine Fásta EUR 3.00
Grúpa agus Seanóir EUR 2.00
Leanbh / Mac Léinn EUR 1.00
Ráta Teaghlaigh: EUR 8.00
Áiseanna
Bialann/Seomraí Tae: Tá
Agus é suite ar aill ag féachaint síos ar an aigéan Atlantach, tá an dún seo ar an dún cloiche réamhstairiúil is mó ar Oileáin Árann. Tá sé fálaithe ag trí bhalla ollmhóra de chloch thirim agus "chevaux-de-frise" déanta as bloic arda aolchloiche ina seasamh sa talamh chun bac a chur ar ionsaitheoirí. Tá an dún thart ar 900m ón Ionad Cuairteoirí agus téitear i ngiorracht dó thar thalamh atá ag dul in airde. Tá an tIonad Cuairteoirí inrochtana ag cuairteoirí faoi mhíchumas. Toisc go bhfuil cuid mhaith den turas faoin spéir, moltar do chuairteoirí éadaí a chaitheamh chun iad a chosaint ón aimsir agus bróga a chaitheamh atá oiriúnach don siúl ar thalamh neamhchothrom. Tabhair faoi deara, le do thoil, gur láithreán leochaileach é Dún Aonghasa. Mar sin, iarrtar ar chuairteoirí gan chur isteach ar an láithreán seo ar bhealach ar bith agus comhoibriú linn agus muid ag iarraidh an séadchomhartha seo a chosaint.
Meánfhad na Cuairte: 1 - 1½ uair an chloig
Suíomh: 7km siar ó Chill Rónáin. Seirbhís farantóireachta áitiúil ó Ghaillimh agus Ros an Mhíl go Cill Rónáin. Rothair ar an Oileán.
Busbhealach/Busbhealaí: Busanna turasóireachta ó Chill Rónáin.
Turais Treoraithe: le socrú roimh ré
Bileog/Treoirleabhar: Béarla, Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis
Imeachtaí Séasúracha: Níl ar fáil
Tógáil grianghraf/físeán ceadaithe: Tá, ní mór cead a fháil má tá sé chun críocha tráchtála