Mainistir Na Búille
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Mainistir na Búille, Contae Ros Comáin
Uimhir Theileafóin: +353 71 9662604
Uimhir Facs: +353 71 9664817
Seoladh ríomhphoist: ceidefields@opw.ie
Láithreán Gréasáin: Níl aon láithreán ann
Uaireanta Oscailte
An Cháisc 30 Márta - 18 Mean Fómhair: Gach lá 10.00 - 18.00
Meánfhad na Cuairte: Uair an chloig
Táillí Isteach
Saor in aisce mar go bhfuil obair chaomhnaithe á déanamh faoi láthair
Duine Fásta: EUR 3.00
Grúpa & Seanóirí: EUR 2.00
Leanbh / Mac léinn: EUR 1.00
Teaghlach: EUR 8.00
Áiseanna
Saoráidí: Taispeántais, leithris, clós bus/carrchlós gar don Mhainistir
Bialann/Seomraí Tae: Níl siad ann
Mainistir Chistéireach dhea-chaomhnaithe mhórthaibhseach is ea Mainistir na Búille a bunaíodh sa dara haois déag faoi phátrúnacht an teaghlaigh áitiúil, muintir Mhic Diarmada, a bhí i réim sa cheantar ag an am. Cé gur scriosadh an Mhainistir i rith an tseachtú haois déag agus an ochtú haois déag le linn do shaighdiúirí a bheith á húsáid, téann sí i bhfeidhm ar an gcuairteoir go fóill agus tá sí ar cheann de na seanfhoirgnimh Chistéireacha is gríobhaí in Éirinn. Tá taispeántas le feiceáil i dteach geata athchóirithe a tógadh sa séú haois déag nó sa seachtú haois déag. Tá rochtain theoranta ann do dhaoine faoi mhíchumas.
Suíomh: I mBaile na Búille, in aice leis an N4 (Bóthar Bhaile Átha Cliath/Shligigh)
Bealach/Bealaí Bus: Glaoigh ar Ionad Taistil Bhus Éireann +353 1 8366111
Turais Threoraithe:
Gach uair an chloig ón 10.00 - 17.00
Uaslíon: 40
Fad: 40 nóiméad
Bileog Eolais/Treoirleabhar: Ar fáil i mBéarla, i nGaeilge, i bhFraincis, i nGearmáinis, in Iodáilis agus i Spáinnis
Imeachtaí Séasúracha: Fiosraigh an scéal roimh ré trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála thuas
An gceadaítear grianghraif/físeáin: Ceadaítear, ach ní mór ceadúnas a fháil chun críocha tráchtála
Eolas Breise: Tá obair chaomhnaithe á déanamh faoi láthair. Cead isteach deiridh 45 nóiméad roimh dhúnadh na háite.