Teach an Phiarsaigh
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Inbhear, cóngarach do Bhaile Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Uimhir Theileafóin: +353 91 574292
Uimh. Facs: Níl
Ríomhphost: tanphiarsaigh@opw.ie
Suíomh Gréasáin: Níl
Uaireanta Oscailte
An Chaisc: Déardaoin, Aoine, Satharn, Domhnach, Luan, (5 - 9 Aibrean) 10.00 - 17.00
24 Bealtaine - 29 Lunasa: Go laethúil, 10.00 - 18.00 (Dúnta 30 & 31 Lúnasa)
1 - 16 Mean Fómhair: deirí seachtaine amháin.
Cead isteach deiridh 45 nóiméad roimh am dúnta
Gnáthfhad na Cuairte: 45 nóiméad
Táillí Isteach
Duine Fásta: €3.00
Grúpa agus Seanóir: €2.00
Leanbh/Dalta scoile: €1.00
Teaghlach: €8.00
Áiseanna
Leithris. Carrchlós beag poiblí gar don láthair
Bialann/Seomraí Tae: Níl
Teachín beag athchóirithe é seo a bhfuil a aghaidh amach ar na lochanna draíochtacha agus ar shléibhte Chonamara. Bhain Pádraig Mac Piarais (1879-1916) ceannaire Éirí Amach na Cásca 1916 úsáid as mar theach samhraidh agus mar scoil samhraidh dá dhaltaí as Scoil Naomh Éanna i mBaile Átha Cliath. Tháinig Desmond Ryan, iardhalta leis an bPiarsach, ar cuairt go Ros Muc in éineacht leis sa bhliain 1915 agus scríobh sé níos deireanaí faoin bhfiuchadh foinn a bhíodh san aer ó tharla Mac Piarais a bheith ar cuairt ansin: "Bhí na Beanna Beola ag éirí aníos os ár gcomhair agus shín Mac Piarais amach a lámh chuig spota anseo agus spota ansiúd agus thug sé ainm an locha, an tsléibhe agus an cheantair a shíneann siar go Dúiche Sheoigheach agus í faoi bhrat corcra sa cheo." Thug an tUas. Ryan na siúlóidí fada agus an rothaíocht trí chroílár Ghaeltacht Chonamara chun cuimhne agus na scéalta a d'inis Mac Piarais a bhí cloiste aige féin ó na scéalaithe áitiúla. Dódh an teachín le linn Chogadh na Saoirse ach athchóiríodh an taobh istigh de áit a bhfuil taispeántas anois.
Suíomh: I leataobh ó bhóthar an R340
Bealach(Bealaí) Busanna: Téigh i dteagmháil leis an Ionad Taistil, Bus Éireann +353 1 8366111
Turais Threoraithe :
An líon is airde: 15
Fad ama: 30 nóiméad
Bileog eolais/ Leabhar treorach: Níl
Ócáidí Séasúracha: Seiceáil roimh ré; úsáid na sonraí teagmhála thuas, le do thoil.
An gceadaítear Fótagrafaíocht / Físeán: Ceadaítear ach tá cead ag teastáil más le haghaidh tráchtála.
Faisnéis Bhreise: Rochtain theoranta atá ann do chuairteoirí faoi mhíchumas