Caisleán Parkes
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Abhainn an Chartúin, Co. Liatroma
Uimhir Theileafóin: +353 71 916 4149
Uimh. Facs: +353 71 916 4546
Ríomhphost: parkescastle@opw.ie
Uaireanta Oscailte
30 Márta - 18 Meán Fómhair: Go laethúil, 10.00-18.00
Cead isteach deiridh: 45 nóiméad roimh am dúnta
Gnáthfhad na Cuairte: 1 uair
Táillí Isteach
Duine Fásta: €3.00
Grúpa agus Seanóir: €2.00
Leanbh/Dalta scoile: €1.00
Teaghlach:€8.00
Áiseanna
Taispeántais, leithris agus leithris do dhaoine faoi mhíchumas, áit pháirceála phoiblí do charranna / busanna cóngarach don suíomh.
Bialann/Seomraí Tae: Ar oscailt le linn shéasúr an tsamhraidh
Is caisleán é seo atá athchóirithe agus atá ann ó thréimhse na plandála; tógadh é go luath sa 17ú céad agus is álainn an suíomh atá aige suite ar bhruacha Loch Gile. B'ann a bhí cónaí ar Robert Parke agus ar a theaghlach tráth. Tá fianaise le fáil thart timpeall an Chlóis go raibh túrtheach ann ón luath-thréimhse sa 16ú céad agus go raibh an déanmhas faoi úinéireacht an Uas Brian O'Rourke tráth. Cuireadh eisean chun báis ina dhiaidh sin i Tyburn, Londain sa bhliain 1591. Rinneadh athchóiriú ar an gCaisleán agus baineadh úsáid as an dair Éireannach agus as ceardaíocht thraidisiúnta san athchóiriú. Rochtain do chuairteoirí faoi mhíchumas - ar urlár na talún.
Suíomh: Ar Bhóthar Shligigh-Droim Dhá Thiar (R286), 11km ó bhaile Shligigh nó 7km ó Dhroim Dhá Thiar
Bealach(Bealaí) Busanna: Téigh i dteagmháil leis an Ionad Taistil, Bus Éireann +353 1 8366111
Turais Threoraithe :
Ar fáil ach iad a iarraidh
An líon is airde: 25
Fad ama: 40 nóiméad
Bileog eolais/ Leabhar treorach: Béarla, Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Spáinnis
Ócáidí Séasúracha: Seiceáil roimh ré; úsáid na sonraí teagmhála thuas, le do thoil
An gceadaítear Fótagrafaíocht / Físeán: Ní cheadaítear istigh sa Chaisleán ach ceadaítear thart timpeall ar thalamh an chaisleáin (nuair nach le haghaidh tráchtála). Ní mór cead a fháil le haghaidh fótagrafaíocht thráchtála.
Faisnéis Bhreise: Cead isteach deiridh 45 nóiméad roimh am dúnta