Caiseal Mumhan
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Caiseal na Mumhan Naomh Phádraig, Caiseal, Co. Thiobraid Árann
Uimh. Gutháin: +353 62 61437
Uimh. Facs: +353 62 62988
Ríomhphost: rockofcashel@opw.ie
Láithreán Gréasáin: Níl ann
Uaireanta Oscailte
Lár M. Fómhair - Lár D. Fómhair: Gach Lá 9.00 - 16.45 Go docht isteach deireanach (Laithreán Dúnann- 17.30)
Lár D. Fómhair - Lár Mhárta: Gach Lá 9.00 - 15.45 Go docht isteach deireanach (Laithreán Dúnann- 16.30)
Lár Mhárta - Luath Mheithimh: Gach Lá 9.00 - 16.45 Go docht isteach deireanach (Laithreán Dúnann- 17.30)
Luath Mheithimh - Lár M. Fómhair: Gach Lá 9.00 - 18.15 Go docht isteach deireanach (Laithreán Dúnann- 19.00)
Dúnta 24ú go dtí 26ú Nollaig agus an dá dáta sin san áireamh
Tabhair faoi deara, le do thoil, cé go bhfuil obair chaomhnaithe á dhéanamh faoi láthair, beidh cead isteach go Séipéal Cormac le turas treoraithe amháin, ó Bhealtaine go Meán Fómhair gach bhlain, go dtí go mbeidh na h-oibreacha críochnaithe!
Am deiridh iontrála 45 nóim. roimh am dúnta
Tabhair faoi deara, le do thoil, go gcaithfí réamhshocrú a dhéanamh le haghaidh gach grúpa
Táillí Isteach
Duine Fásta: €6.00
Grúp-Ráta & Daoine Scothaosta: €4.00
Páiste/Mac Léinn: €2.00
Ráta Clainne: €14.00
Áiseanna
Leithris phoiblí agus carrchlós/buschlós gar den láthair
Grúpa iontach d'fhoirgnimh Mheánaoiseacha lonnaithe ar lomán aolchloiche sa Ghleann Órga. Tá cloigtheach ann ón 12ú haois, ardchros agus Séipéal Rómhánúil, ardeaglais Ghotach ón 13ú haois, Caisleán ón 15ú haois agus halla athchóirithe Chórlann na mBiocáirí. Tá léiriúchán closamhairc ann agus taispeántais.
Rochtain dóibh siúd le míchumais má dhéantar réamhshocrú.
Láthair: 500m ó lár bhaile Chaisil, gar do bhóthar Bhaile Átha Cliath.
Bealaí bus: Déan teagmháil le hIonad Taistil Bhusáras +353 1 8366111
Turais Threoraithe: ar fáil (seiceáil leis an láthair roimh do chuairt mar d'fhéadfadh amanna éagsúla a bheith ann)
Fad: 45 nóiméad
Uaslíon daoine: 50
Bileog Eolais/Treoirleabhrán: treoirleabhrán - Béarla, Gaeilge
Bileog eolais - Fraincis agus Béarla
Grianghrafadóireacht/Físthaifeadadh ceadaithe: Tá. Cead ag teastáil do ghrianghrafadóireacht tráchtála.
Eolas Breise: Tabhair faoi deara, le do thoil, gur láthair thar a bheith gnóthach é seo agus d'fhéadfadh go mbeadh moill ann i rith mhíonna an tsamhraidh.