Caisleán Dhún Garbhán
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Sráid an Chaisleáin, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
Guthán: +353 58 48144
Facs: Níl ar fáil
Ríomhphost: charlesfort@opw.ie
Láithreán Gréasáin: Níl ar fáil
Uaireanta Oscailte
23 Bealtaine - 25 Meán Fómhair: Gach lá, 10.00-18.00
Cead isteach deireanach: 45 nóiméad roimh am dúnta
Táillí Isteach
Saor in aisce
Áiseanna
Taispeántas closamhairc, leithris agus leithreas do chuairteoirí faoi mhíchumas
Bialann/Seomraí Tae: Níl ar fáil
Sa chaisleán seo tá daingean cuasach polagánach le himbhalla timpeall air, túr coirnéil agus túr geata. Is é an daingean cuasach an struchtúr is sine mar tógadh sa 12ú haois é. Tá daingin chuasacha coitianta i Sasana, ach níl mórán acu in Éirinn. Laistigh den imbhalla, tá beairic mhíleata dhá stór a tógadh sa chéad leath den 18ú haois. Tá an bheairic athchóirithe anois, agus tá taispeántas suimiúil faoi stair an chaisleáin ann.
Meánfhad na Cuairte: 45 nóiméad
Suíomh: Ag foirceann thoir Ché Davitt/Shráid an Chaisleáin
Busbhealach/Busbhealaí: Déan teagmháil le hIonad Taistil Bus Éireann + 353 1 8366111
Turais Treoraithe: Cead isteach sa chaisleán le turas treoraithe amháin
Bileog/Treoirleabhar: Béarla
Imeachtaí Séasúracha: Déan iad a sheiceáil roimh ré trí leas a bhaint as na sonraí teagmhála thuas
Tógáil grianghraf/físeán ceadaithe: Tá sé ceadaithe, ach ní mór ceadúnas a fháil má tá sé chun críocha tráchtála
Eolas breise: Tá rochtain theoranta ar an gcaisleán mar thoradh ar oibreacha caomhnaithe leanúnacha. Tá an t-ionad taispeántais go hiomlán inrochtana ag cuairteoirí faoi mhíchumas