Caisleán Urumhan
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Páirc an Chaisleáin, i leataobh ó Shráid an Chaisleáin, Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
Uimhir Theileafóin: +353 51 640787
Uimh. Facs: +353 51 640787
Ríomhphost: ormondcastle@opw.ie
Suíomh gréasáin: níl
Uaireanta Oscailte
30 Márta - 25 Meán Fómhair
Lá 10.00-13.30 agus 14.00-18.00
Gnáthfhad na Cuairte: 1uair
Táillí Isteach
Saor in aisce
Áiseanna
Leithris, áit pháirceála phoiblí do charranna / busanna cóngarach don suíomh
Bialann/Seomraí Tae: Níl
Is é Caisleán Urumhan an sampla is fearr atá in Éirinn de theach mainéir Eilíseach. Thóg Tomás, 10ú Iarla Urumhan, an caisleán sna 1560adaí. Tá dhá thúr ón 15ú céad ina ndlúthchodanna den teach mainéir. Is é seo an t-aon áitreabh ollmhór amháin nach bhfuil daingnithe atá fágtha againn sa tír ón tréimhse shuaite úd. Tá roinnt den saothar plástair is dea-mhaisithe sa tír le feiceáil sna seomraí ceiliúrtha agus tá portráidí i bplástar ina measc.
Suíomh: Suite i mbaile Charraig na Siúire
Bealach(Bealaí) Busanna: Téigh i dteagmháil leis an Ionad Taistil, Bus Éireann, +353 1 8366111
Turais Threoraithe :
Rochtain - ar thuras treoraithe amháin
An líon is airde: 20 - 25
Fad ama: 45 nóiméad
Bileog eolais/ Leabhar treorach: Béarla, Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis,Spáinnis
Ócáidí Séasúracha: Seiceáil roimh ré; úsáid na sonraí teagmhála thuas, le do thoil
An gceadaítear Fótagrafaíocht / Físeán: Ní cheadaítear
Faisnéis Bhreise: Tabhair faoi deara, le do thoil, gur rochtain theoranta atá ann chuairteoirí faoi mhíchumas.