Crannlann John F. Kennedy
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Crannlann John F. Kennedy, Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman
Uimh. Gutháin: +353 (0)51 388171
Uimh. Facs: +353 (0)51 388172
Ríomhphost: jfkarboretum@opw.ie
Láithreán Gréasáin: Níl ann
Uaireanta Oscailte
2012
D Fómh-Márta: Gach lá, 10.00-17.00
Aibreán: Gach lá, 10.00-18.30
Bealt-Lúnasa: Gach lá, 10.00-20.00
M. Fómhair: Gach lá, 10.00-18.30
Am deiridh iontrála 45 nóim. roimh am dúnta
Meánfhad Cuairte: 1½ uair
Táillí Isteach
Duine Fásta: €3.00
Grúp-Ráta & Daoine Scothaosta:€ 2.00
Páiste/Mac Léinn: € 1.00
Ráta Clainne: € 8.00
Áiseanna
Taispeántais, leithris, leithreas do dhaoine a bhfuil míchumais ag dul dóibh (sa seomra tae), carrchlóis, buschlós, láthair picnicí, áit shúgartha (< 12 bliain), lúbraí, mion-iarnród (iarnónta sa samhradh), bealaí nádúir agus siúlóidí le comharthaí.
Bialann/Seomra Tae:
Bealtaine go Meán Fómhair: Teil 051 388195
Áit suí do 50 duine
Is éard atá sa chrannlann ná bailiúchán plandaí a bhfuil stádas idirnáisiúnta ag baint leo agus atá tiomanta i gcuimhne John F. Kennedy, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá ó 1960 go 1963. Clúdaíonn an áit 252 heicteár (623 acra) ar na fánaí ó dheas agus ar bharr Shliabh Coillte. Tá 4,500 cineál crainn agus tor ann ó gach réigiún aimsire ar fud an domhain, agus iad plandáilte i seiceamh luibheolaíoch. Tá 200 plota foraoise ann, tá siad curtha le chéile de réir mór-roinne. Áirítear ar na gnéithe faoi leith Gairdín Eircaceous (le 500 rhododendrom éagsúl agus go leor cineálacha azalea agus fraoich), conaiféir bheaga, fálta, clúdaigh talún agus plandaí dreapa. Cuid mhór den chrannlann í an loch agus áit mhór í d'éanlaith uisce. Tá bóthar isteach ann go hairde 271 méadar, áit as a bhfuil radharcanna iontacha. Bíonn taispeántais agus seó closamhairc san Ionad Cuairteoirí. Tá deis isteach ag daoine a bhfuil míchumais ag dul dóibh.
Láthair: 12 km ó theas ó Ros Mhic Thriúin (gar don R733)Domhanleithead 52.32211 Domhanfhad -6.93147
Turais Threoraithe:
Grúpthurais (Aibreán go Deireadh Fómhair). Moltar turas a chur in áirithint roimh ré.
Uaslíon daoine 30-40
Fad: 1-1½ uair
Bileog Eolais/Treoirleabhrán: Béarla
Imeachtaí Shéasúracha:
Seachtain Náisiúnta na gCrann - An tEarrach
Seachtaine Náisúnta Oidhreachta - An Fómhar
Lá na gCrann - An Fómhar
Grianghrafadóireacht/Físthaifeadadh ceadaithe: Tá
Eolas Breise: Tá madraí ceadaithe, má bhíonn siad ar iall