Dearc Fhearna
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Bóthar Caisleán an Chomáir, Co. Chill Chainnigh
Guthán: +353 56 776 7726
Facs: +353 56 776 7262
Ríomhphost: dunmorecaves@opw.ie
Láithreán Gréasáin: Níl ar fáil
GPS N52 44.036' W007 14.810' Elev 121m
Uaireanta Oscailte
Márta - Lár an Mheithimh: Gach lá, 9.30-17.00. Cead isteach deireanach 16.00
Lár an Mheithimh - Lár Mheán Fómhair: Gach lá, 9.30-18.30. Cead isteach deireanach 17.00
Lár Mheán Fómhair - Deireadh Dheireadh Fómhair: Gach lá, 9.30-17.00. Cead isteach deireanach 16.00
Samhain go Márta -Dúnta ar an Luan agus an Máirt. Céadaoin to Dómhnach 09.30-17.00. Cead isteach deireanach 15.00
Táillí Isteach
Duine Fásta: EUR 3.00
Grúpa & Seanóir: EUR 2.00
Leanbh/Mac Léinn: EUR 1.00
Teaghlach : EUR 8.00
Áiseanna
Áiseanna: Leithris do dhaoine faoi mhíchumas, clós páirceála do ghluaisteáin/busanna
Bialann/Seomraí Tae: Tá, ar oscailt ó Cháisc go Deireadh Fómhair amháin
Tagann stair agus geolaíocht le chéile i nDearc Fhearna agus cruthaítear pluais shuimiúil uathúil. Tá sraith seomraí cruthaithe thar na milliúin bliain sa phluais, le cois roinnt de na foirmíochtaí cailcíte is fearr in aon phluais in Éirinn. Tá daoine ar an eolas faoin bpluais ar feadh na gcéadta bliain, agus luaitear den chéad uair í i dTréanna Éireannacha an 9ú haois. Déantar an tagairt is suimiúla di, áfach, sna hAnnála, a luann gur tharla ár ar Lochlannaigh sa phluais sa bhliain 928 A.D. Dhearbhaigh fríotha seandálaithe laistigh den phluais go raibh gníomhaíocht Lochlannaigh ar siúl inti. Taispeántais agus léirithe san Ionad Cuairteoirí. Níl an phluais inrochtana ag úsáideoirí cathaoireacha rotha.
(Ní mór do na cuairteoirí uile an Phluais a fhágáil sula n-éiríonn sé dorcha)Meánfhad na Cuairte: 1 uair an chloig
Suíomh: 10km ó Chill Chainnigh, 1km ón N78 go Caisleán an Chomair (comharthaí maithe ann don bhóthar)
GPS N52 44.036', W007 14.810', Elev 121m
Busbhealach/Busbhealaí: Déan teagmháil le hIonad Taistil Bus Éireann + 353 1 8366111
Ní chuireann Bus Éireann seirbhís dhíreach chuig an bPluais ar fáil
Suíomh teagmhála do shonraí oibreoirí áitiúla
Turais Treoraithe:
Cead isteach le turas treoraithe amháin
Uasmhéid daoine: 40 - 50 Fad ama: 1 uair an chloig
Bileog/Treoirleabhar: Béarla, Gaeilge, Gearmáinis, Fraincis, Iodáilis, Spáinnis
Imeachtaí Séasúracha: Déan iad a sheiceáil roimh ré trí leas a bhaint as na sonraí teagmhála thuas
Tógáil grianghraf/físeán ceadaithe: Níl
Eolas breise: Láithreoireacht chlosamhairc a chlúdaíonn 4 ábhar phríomhúla agus atá dírithe ar dhaoine de gach aois agus le gach cineál spéise. Geolaíocht agus Éabhlóideachas thar 350 milliún bliain; Foirmiú Beoite Dhearc Fhearna; Éiceolaíocht na Pluaise agus an ceantar mórthimpeall uirthi; Miotas agus Stair na pluaise.
Tá Iarsmalann Idirghníomhach Fhíorúil ann freisin ina léirítear an taisce a fuarthas sa Phluais, lena n-áirítear ceann de na fríotha Lochlannaigh is suntasaí a fuarthas sa tír seo.