Teach Cogaidh an Ghorta Mhóir 1848
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Baile an Gharraí, Co. Thiobraid Árann
Guthán: +353 87 908 9972
Ríomhphost: info@heritageireland.ie
Uaireanta Oscailte
Aibreán Meán
Fómhair
Céadaoin - Domhnach, 14.30 - 17.30
Deireadh Fómhair - Márta
Satharn & Domhnach amháin, 14.00 - 16.00
Le coinne, cuir glaoch
ar +353 87 908 9972
Meánfhad na Cuairte:
40 nóiméad
Táillí Isteach
Saor in aisce
Áiseanna
Taispeántas, leithris,
leithris do chuairteoirí faoi mhíchumas
Clós páirceála do
ghluaisteáin/busanna
Bialann/Seomra Tae:
Níl ar fáil
Le linn an Ghorta Mhóir,
tharla Éirí Amach 1848 ag an Teach Cogaidh seo. Tá stair an Ghorta Mhóir agus
na heisimirce ollmhóire, an t-éirí amach, na trialacha don ardtréas,
piandeoraíocht cheannairí Éire Óg san Astráil agus a n-éaluithe go dtí S.A.M.
ar taispeáint sa teach. Anseo, faoi cheannas an uaslathaí Phrotastúnaigh,
William Smith OBrien M.P., dimshuígh ceannaircigh 47 bpóilín a bhí tar éis iad féin a chur faoi ghlas i dteach feirme Mhic Chormaic, le cúigear leanbh mar ghialla acu. Cuireann an taispeántas Éirí Amach an Ghorta Mhóir i gcomhthéacs 1848 mar Bhliain na nÉirithe Amach san Eoraip, mar tharla siad sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil, san Ostair agus san Ungáir. Tá an bunurlár inrochtana ag cuairteoirí faoi mhíchumas.
Suíomh: 23 mhíle (37 km) ó Chill Chainnigh ar an N76 agus R691 go
Baile an Gharraí. Ó thuaidh ó Bhaile an Gharraí i dtreo na gCoimíní. Lean na comharthaí bóthair.
Turais Treoraithe: Ar fáil