Casino Marino

An Casino, Marino

Sonraí Teagmhála

Seoladh:  Corrán Chnocán na Silíní, le hais Bhóthar Mhullach Íde, Marino, Baile Átha Cliath 3.
Uimhir Theileafóin:  +353 1 8331618.  086-6062729
Facs:  +353 1 8332636
Ríomhphost:   casinomarino@opw.ie
Láithreán Gréasáin:  Níl

Uaireanta Oscailte

15 Márta - 31 Deireadh Fómhair: Gach Lá 10.00 - 17.00
Am deiridh iontrála 45 nóiméad roimh an am dúnta.

Is féidir turais a fháil chuig an suíomh le haghaidh grúpáirithintí sa seachshéasúr ach iad a shocrú roimh ré. Cuir glaoch ar na huimhreacha thuas luaite.

Meánfhad Cuairte:  uair an chloig

Táillí Isteach

Duine Fásta: €3.00
Grúpaí & Daoine Scothaosta: €2.00
Leanbh / Mac Léinn: €1.00
Ráta Clainne: €8.00

Áiseanna

Leithreas, carr/buschlós

Bialann/Seomraí Tae:  Níl

Is é Sir William Chambers a dhear an Casino mar theach pléisiúir do James Caulfield, an chéad Iarla ar Charlemont. Tá sé ar cheann de na foirgnimh nuachlasaiceacha is galánta san Eoraip ón 18ú céad. Ciallaíonn Casino "teach beag" agus is díol suntais é do dhaoine go bhfuil 16 sheomra ann atá maisithe go galánta, ina bhfuil saibhreas domhain fíneáltachta agus deartha. Is foirgneamh dochreidte é - i dtéarmaí struchtúir agus staire araon.

Tá an Casino suite in Marino, le hais Bhóthar Mhullach Íde agus níl sé ach trí mhíle ó thuaidh de lár Bhaile Átha Cliath.

Suite: 5 chiliméadar ó thuaidh de Lár na Cathrach. Ó Fhionnradharc go Bóthar Mhullach Íde. An chéad chasadh ar chlé i ndiaidh Ascaill Uí Ghríofa (i ndiaidh Cheanncheathrú Oiliúna Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath) isteach go Corrán Chnocán na Silíní. Téann geataí móra ar do chlé isteach chuig na tailte.

Dart: Is siúlóid 20 nóimeád é ó stáisiún Chluain Tarbh.

Bealaí Bus:  14, 27, 27A, 27B, 42, 43, 128 ó Stásiún ui Chonghaile.  14, 27, 27A, 27B, 128, ó Ché Éidin. 42, 43 ó Shráid na Mainistreach Íochtarach.

Tagann deireadh le Bus 123 Imp ó Shráid Uí Chonaill ag Ascaill Uí Ghríofa. Ansin, lean na treoracha thuas.

Turais Threoraithe: Cead isteach le turas treoraithe amháin
Uasmhéid:  16
Fad:  45 nóiméad

Bileog Eolais/Treoirleabhar:  Béarla, Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis  

Imeachtaí Séasúracha:  Déan seic roimh ré le do thoil, ag baint úsáide as na sonraí teagmhála thuas

Grianghrafadóireacht / Físeáin ceadaithe:  Níl

Eolas Breise:Téitear isteach ar an staighre.

D'fhonn na hurláir iontlaise a chosaint ní bheidh cead ag cuairteoirí bróga a chaitheamh, cuirfear cumhdaigh cos ar fáil saor in aisce.

Tabhair ar aird go mbeidh an Casino dúnta le linn Nollaig 07 agus Eanáir 08 chun é a chothabháil agus a athdheisiú.

Féilire Imeachtaí

Event Calendar
< October 2014 >
M T W T F S S
29 30 1 2 3 4 5
6 7 8 9 10 11 12
13 14 15 16 17 18 19
20 21 22 23 24 25 26
27 28 29 30 31 1 2


Uirlisí

  • Priontáil an leathanach seo
  • Leabharmharc an leathanach seo