Text Size

War Memorial Gardens

Gairdíní Cuimhneacháin an Chogaidh

Sonraí Teagmhála

Seoladh: Droichead na hInse, Baile Átha Cliath 8
Guthán: +353 1 8883233(Príomhoifig),+353 1 4757816 (Gairdíní)
Facs:   +353 1 475 5287
ríomhphost:   info@heritageireland.ie
Láithreán Gréasáin:  Níl ar fáil
 

Uaireanta Oscailte

Gairdíní ar Oscailt
Luan - Aoine            08.00
Satharn - Domhnach        10.00
Gairdíní Dúnta:                        
Ag brath ar uaireanta sholas an lae
Rochtain ar Sheomraí Leabhar:    Trí theagmháil a dhéanamh leis na huimhreacha thuas

Meánfhad na Cuairte:   1-2 uair

Táillí Isteach

Saor in aisce

Áiseanna

Carrchlós gar don láithreán

Bialann/Seomraí Tae:  Níl ar fáil

Is iad seo roinnt de na gairdíní cuimhneacháin is cáiliúla san Eoraip.  Tá siad tiomanta do chuimhne na 49,400 saighdiúir Éireannach a fuair bás sa chogadh 1914 – 1918.  Tá ainmneacha na saighdiúirí uile san áireamh sna lámhscríbhinní maisithe go hálainn ag Harry Clarke sna seomraí leabhar eibhir sna gairdíní.

Ní hamháin gur áit chuimhneacháin iad na gairdíní seo, ach tá go leor ailtireacht spéisiúil agus álainn ann.  Tá siad ar cheann de na ceithre ghairdín sa tír seo deartha ag an ailtire cáiliúil Sir Edward Lutyens (1869 – 1944).  Dhear sé Gairdíní Heywood (féach lch. 63), Reachrainn agus na cinn i gCaisleán Bhinn Éadair freisin.

Is féidir cuairt thaitneamhach a thabhairt ar na gairdíní i ngach séasúr mar thoradh ar na gairdíní róis slogtha, na ciumhsóga bláthanna agus an líon mór crann atá curtha ann.

Suíomh: An Cuarbhóthar Theas, Droichead na hInse.  Bealach isteach ó Bhóthar Choinn Colbaird agus an Cuarbhóthar Theas (taobh Pháirc an Fhionnuisce)

Busbhealach/Busbhealaí:  Uimhreacha 51, 68 agus 69 ó Ché Aston

Turais Treoraithe:  Ar fáil ar iarratas

Bileog/Treoirleabhar:  Béarla     

Imeachtaí Séasúracha:  Déan iad a sheiceáil roimh ré trí leas a bhaint as na sonraí teagmhála thuas

Tógáil grianghraf/físeán ceadaithe:  Tá, ach ní mór cead tráchtála a fháil

Féilire Imeachtaí

Event Calendar
< July 2014 >
M T W T F S S
30 1 2 3 4 5 6
7 8 9 10 11 12 13
14 15 16 17 18 19 20
21 22 23 24 25 26 27
28 29 30 31 1 2 3


Uirlisí

  • Priontáil an leathanach seo
  • Leabharmharc an leathanach seo