Caisleán Lios Tuathail
Sonraí Teagmhála
Seoladh: An Chearnóg, Lios Tuathail, Co. Chiarraí
Uimhir Theileafóin: +353 86 385 7201
Facs: Níl
Ríomhphost: info@heritageireland.ie
Suíomh Gréasáin: Níl
Uaireanta Oscailte
23 Bealtaine - 28 Lúnasa: Céadaoin go Domhnach, 09.30 - 17.30
Cead isteach deiridh 45 nóiméad roimh am dúnta
Gnáthfhad na Cuairte: 1 uair
Táillí Isteach
Saor in aisce
Áiseanna
Leithris agus áit pháirceála do charranna / busanna cóngarach don suíomh.
Is é an 13ú haois an dáta is túisce atá againn don chaisleán ba luaithe a tógadh i Lios Tuathail ach is dócha gur thóg clann Mhic Mhuiris an caisleán atá ann faoi láthair sa 15ú céad. Thuas ar ard ar bhruach a bhfuil fána géar síos leis atá an caisleán. Tá sé crochta os cionn na Féile in áit a bhfuil eas a raibh tábhacht mhór leis. Tháinig cuid mhór d'aghaidh an chaisleáin slán. Tá dhá thúr mhóra chearnógacha ina bhfuil ceithre stór agus iad beagnach chomh hard leis ar an mbunairde 15.3 méadar, sa chuid sin. Tá balla ar an airde chéanna eatarthu agus tá siad ceangailte dá chéile le háirse atá ar thaobh amháin. Tugadh faoi chlár mór d'oibreacha caomhnaithe ag an gcaisleán lena n-áirítear staighre a thógáil taobh amuigh chun teacht a bheith ag an bpobal ar na leibhéil uachtaracha.
Suíomh: Lár Lios Tuathail
Turais Threoraithe :
Turais sceidealta. Rochtain - ar thuras treoraithe amháin
Ní cheadaítear físeáin/ceamaraí ar an turas
An líon is airde: 15
Fad ama: 40 nóiméad
Tabhair faoi deara go bhfuil an suíomh an-teoranta agus nach bhfuil áit ann ach do ghrúpa 15 duine. Ní mór do gach grúpa atá ar thuras a n-áit a chur in áirithe roimh ré
Bileog eolais/ Leabhar treorach: Níl
An gceadaítear grianghrafadóireacht/ Físeán:
Ní cheadaítear (fad is a bhítear ar thuras)
Faisnéis Bhreise: Rochtain theoranta do chuairteoirí faoi mhíchumas