Desmond Hall

Halla Deasmhumhan

Sonraí Teagmhála

Seoladh:  An Chearnóg, An Caisleán Nua, Co. Luimnigh
Guthán:  +353 69 77408
Facs:   Níl ar fáil
Ríomhphost:  desmondhall@opw.ie 
Láithreán Gréasáin:  Níl ar fáil

 

Uaireanta Oscailte

29 Bealtaine - 3 Meán Fómhair: Gach lá, 10.00 - 18.00

Tá an cead isteach deireanach 45 nóiméad roimh am dúnta
Cead isteach le turas treoraithe amháin

 

Táillí Isteach

Saor in aisce

Áiseanna

Áiseanna:  Leithris (lena n-áirítear leithris do dhaoine faoi mhíchumas), taispeántais, páirceáil gar don láithreán

Bialann/Seomraí Tae:  Níl ar fáil

 

Tá a lán de na hallaí meánaoiseacha móra atá le feiceáil in Éirinn fós le fáil in Iarthar Luimnigh. Is struchtúr mórthaibhseach dhá stór é Halla Féasta Deasmhumhan agus d'úsáideadh Iarlaí Deasmhumhan é le haghaidh féastaí agus siamsaíochta. Tógadh an Halla, an seomra íochtarach boghtach agus an túr tadhlach uile le linn an 15ú haois (tógadh an halla agus an seomra ar iarsmaí struchtúr ón 13ú haois a bhí ar mhéid chomhchosúil). Tá san áireamh ar na gnéithe meánaoiseacha athchóirithe áiléar darach do cheoltóirí agus teallach cochallach aolchloiche.

Meánfhad na Cuairte:  1 uair an chloig

Suíomh:  Lár an Chaisleáin Nua 

Busbhealach/Busbhealaí:  Déan teagmháil le hIonad Taistil Bus Éireann + 353 1 8366111

Turais Treoraithe:   
Uasmhéid Daoine: 15
Fad ama: 40 nóiméad

Bileog/Treoirleabhar:  Béarla  

Imeachtaí Séasúracha:  Déan iad a sheiceáil roimh ré trí leas a bhaint as na sonraí teagmhála thuas. 

Tógáil grianghraf/físeán ceadaithe:  Tá cosc ar ghrianghrafadóireacht san fhoirgneamh.

Eolas breise:  Rochtain pháirteach ag cuairteoirí faoi mhíchumas

 

Féilire Imeachtaí

Event Calendar
< December 2014 >
M T W T F S S
1 2 3 4 5 6 7
8 9 10 11 12 13 14
15 16 17 18 19 20 21
22 23 24 25 26 27 28
29 30 31 1 2 3 4


Uirlisí

  • Priontáil an leathanach seo
  • Leabharmharc an leathanach seo