Cluain Mhic Nóis
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Cluain Mhic Nóis, Droichead na Sionainne, Baile Átha Luain, Co. Uíbh Fhailí
Guthán: +353 90 9674195
Facs: +353 90 9674273
Ríomhphost: clonmacnoise@opw.ie
(Le haghaidh an eolais amháin, ní mór na háirithintí uile a dhéanamh ar ghuthán/facs)
Uaireanta Oscailte
Samhain - Lár an Mhárta: Gach lá, 10:00 - 17:30
Lár an Mhárta - Bealtaine: Gach lá, 10:00 - 18:00
Meitheamh - Lúnasa: Gach lá, 09:00 - 18:30
Meán Fómhair - Deireadh Fómhair: Gach lá, 10:00 - 18:00
(Tá an cead isteach deireanach 45 nóiméad roimh am dúnta)
(Dúnta ar Lá na Nollag)
Táillí Isteach
Duine Fásta: €6.00
Mac Léinn: €2.00
Seanóir/Grúpa: €4.00
Teaghlach : €14.00
Áiseanna
Taispeántais, leithris (lena n-áirítear leithris do chuairteoirí faoi mhíchumas), clós páirceála do ghluaisteáin agus busanna
Bialann/Seomraí Tae: Seomra Tae - Suíocháin: 30 - 40
Is láithreán Luath-Chríostaíochta é seo a bhunaigh Naomh Ciarán i lár an 6ú haois ar bhruach thoir Abhainn na Sionainne. Ar an láithreán tá fothraigh ardeaglaise, seacht séipéal (10ú - 13ú haois), dhá chloigtheach, trí ardchros agus an bailiúchán is mó de leaca uaighe na Luath-Chríostaíochta in Iarthar na hEorpa. Tá na hardchrosa bunúsacha agus roinnt leaca uaighe ar taispeáint san ionad cuairteoirí.
Déantar cur síos ar stair fhada ilchineálach Chluain Mhic Nóis i láithreoireacht chlosamhairc a thaispeántar san ionad cuairteoirí. Tá taispeántais ann freisin a léiríonn plandaí, ainmhithe agus tírdhreach an réigiúin.
Suíomh: 21km ó Bhaile Átha Luain le comharthaí bóthair ón N62, nó 20km ó Bhéal Átha na Sluaighe le comharthaí bóthair ón R357
Busbhealaí: Oibreoirí príobháideacha amháin
Turais Treoraithe:
Uasmhéid daoine: 60
Fad ama: 30 nóiméad
Bileog/Treoirleabhar: Gaeilge, Béarla, Gearmáinis, Iodáilis, Spáinnis agus Fraincis
Imeachtaí Séasúracha: Seirbhís bhliantúil Eaglais na hÉireann amuigh faoin aer i mí Iúil. Lá Pátrúin bliantúil Naomh Ciarán i mí Mheán Fómhair. Déan teagmháil leis an láithreán, le do thoil, mar féadfaidh athrú teacht ar na dátaí i gceist gach bliain.
Tógáil grianghraf/físeán: Ceadaithe, ach amháin sa téatar closamhairc
Ní mór ceadúnas a fháil má tá sé chun críocha tráchtála
Eolas breise:
Láithreoireacht Chlosamhairc:
Ainm: Ciarán's City Fair
Suíocháin: 56
Fad ama: 20 nóiméad
Teangacha: Béarla, Gearmáinis, Iodáilis, Fraincis
Rochtain:
Tá an t-ionad cuairteoirí go hiomlán inrochtana ag cuairteoirí faoi mhíchumas
Tá rochtain theoranta ag cuairteoirí faoi mhíchumas ar an láithreán
Tabhair faoi deara, le do thoil, gur láithreán an-ghnóthach é seo, agus go bhféadfadh moilleanna a bheith i gceist le linn an tsamhraidh.