Heywood Gardens

Gairdíní Heywood

Sonraí Teagmhála

Seoladh: Gairdíní Heywood, Baile na Cille, Co Laoise
Uimhir Theileafóin: +353 5787 33563, +353 87 6675291
Déan Teagmháil le Patrick Shortis
Uimh. Fhacs:  +353 5787 33563
R-phost: heywoodgardens@opw.ie

Uaireanta Oscailte

Deireadh Fómhair go Márta: 8.30 go dtí 17.30
Aibreán agus Meán Fómhair: 08.30 go dtí 19.00
Bealtaine go Lúnasa: 08.30am go 21.00                                                           

Meánfhad Turais: 1 uair an chloig

Táillí Isteach

Saor ó Tháille

Áiseanna

Carrchlós

Críochnaíodh é i 1912, agus is é atá ann ná gairdíní, lochanna, coillearnach agus gnéithe ailtireachta. Aistríodh go húinéireacht an Stáit é i Samhain 1993 ó na hAithreacha Sailéiseacha a bhí tar éis aire a thabhairt dó ó 1941.   Cruthaíonn na Gairdíní foirmeálta lárphointe inspéise an tsealúchais agus ba é an t-ailtire cáiliúil Sir Edwin Lutyens (1869-1944) a dhear iad agus is dócha gurbh í Gertrude Jekyll (1843-1932) a rinne tírdhreachú orthu.  Tá sé ar cheann de cheithre gháirdín in Éirinn a dhear sé, agus is iad na cinn eile ná an Pháirc Chuimhneacháin Cogaidh, Oileán Reachrann agus Caisleán Bhinn Éadair. Tá ceithre eilimint sna Gairdíní a bhí nasctha ag ardán a bhí os comhair an tí ach nach ann dó níos mó. Tá clár fairsing athphlandaithe ar siúl faoi láthair. Tá rochtain teoranta ann do chuairteoirí atá faoi mhíchumas.

Suíomh: 7km soir ó dheas ó Mhainistir Laoise, den R432  go Baile na Cille, i dtailte Phobalscoil Heywood.

Turas faoi Threoir: Tá turais ar an ngairdín ar fáil ach réamháirithint a dhéanamh.

Fótagrafaíocht/Físeán Ceadaithe: Tá, ach tá ceadúnas ag teastáil chun críche tráchtála.

Eolas Breise:  Níl leithreas ar an suíomh

Níl rochtain ag deireadh na seachtaine ach trí gheata casta

Féilire Imeachtaí

Event Calendar
< December 2014 >
M T W T F S S
1 2 3 4 5 6 7
8 9 10 11 12 13 14
15 16 17 18 19 20 21
22 23 24 25 26 27 28
29 30 31 1 2 3 4


Uirlisí

  • Priontáil an leathanach seo
  • Leabharmharc an leathanach seo