Caisleán an Rois
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Caisleán an Rois, Cill Airne, Co. Chiarraí
Uimh. Gutháin: + 353 64 6635851
Facs: + 353 64 6635852
Ríomhphost: rosscastle@opw.ie
Láithreán Gréasáin: Níl ann
Uaireanta Oscailte
11 Márta - 27 D. Fómhair: Gach Lá 09.30 - 17.45
Am
deiridh iontrála 45 nóim. roimh am dúnta
Caithfidh grúpaí de 10 duine nó níos mó
cuairt a chur in áirithint roimhré
Meánfhad Cuairte: 1 uair
Táillí Isteach
Duine Fásta: €6.00
Grúp-Ráta & Daoine Scothaosta: €4.00
Páiste/Mac Léinn: €2.00
Ráta Clainne: €14.00
Áiseanna
Taispeántais. Leithris agus
carrchlós/buschlós gar don láthair.
Bialann/Seomraí Tae: Níl ann
Sampla tipiciúil is ea an caisleán seo de dhaingean
Thaoiseach Éireannach i rith na Meánaoiseanna. Níltear cinnte cén dáta a
bunaíodh é ach is dócha gur thóg duine de thaoisigh uí Dhonncha an Rois é i
rith an 15ú haois. Tá bábhún daingnithe timpeall air, a bhallaí á gcosaint ag
túir chliathánacha, a bhfuil dhá cheann acu fós slán. Bhí cuid mhaith den
bhábhún bainte faoin am ar cuireadh foirgneamh an Bheairic le taobh dheas an
chaisleáin am éigin i dtreo dheireadh an 17ú haois. Tá troscán daireach ón 16ú
agus 17ú haois sa chaisleán.
Tá rochtain ar urlár íochtarach an chaisleáin dóibh siúd le míchumais, má
dhéantar coinne roimhré. Tabhair faoi deara, le do
thoil, gur láthair thar a bheith gnóthach é seo agus d'fhéadfadh go mbeadh
moill ann i rith mhíonna an tsamhraidh.
Féach
freisin Teach agus Gairdíní Mhucrois, Feirmeacha
Traidisiúnta Mhucrois, Páirc
Náisiúnta Chill Airne agus Bráthairlann
Mhucrois.
Láthair: 2km
ó Chill Airne, gar don N71 (Bóthar Neidín)
Turais Threoraithe:
Turais ar sceideal. Cead isteach ar thurais
threoraithe amháin.
Ní cheadaítear fisthaifeadáin/ceamaraí ar
an turas.
Uaslíon daoine: 15
Fad: 40 nóiméad
Tugtar
faoi deara go bhfuil an láithreán an-teoranta agus nach bhfuil scóip ann ach do
ghrúpaí 15 dhuine. Ní mór gach grúpa
turais a chur in áirithint roimh ré.
Bileog Eolais/Treoirleabhrán: Béarla, Gaeilge, Fraincis, Gearmánais, Iodálais
Grianghrafadóireacht/Fisthaifeadadh ceadaithe: Níl