Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Ceathrú Mhór Leacan,
Sligeach
Uimhir Theileafóin: +353 71 916 1534
Facs: +353 71 915 4743
Seoladh ríomhphoist: carrowmoretomb@opw.ie
Uaireanta Oscailte
1 Aib go 13 Dheireadh Fómhair: Gach lá 10.00 - 18.00
Is ag a cúig a chlog tráthnóna is deireanaí a ligfear daoine
isteach
Meánfhad cuairte: Uair go leith
Táillí Isteach
Duine fásta €3.00
Seanóir €2.00
Páiste €1.00
Teaghlach €8.00
Áiseanna
Taispeántas, leithris, carrchlós - tá rochtain ag
daoine faoi mhíchumas ar na saoráidí sin
ar fad.
Seomraí Tae: Níl siad ann
Seo an reilig is mó atá le fáil i dtuamaí meigiliteacha na hÉireann agus tá sí ar cheann de na reiligí is sine dá bhfuil sa tír freisin. Tá cuid de na séadchomharthaí ann le cúig mhíle is cúig chéad bliain, cuid eile tá siad ann le sé mhíle sé chéad bliain. Tá breis is 60 tuama aimsithe ag seandálaithe, a bhfuil 30 díobh sofheicthe. Tá taispeántas maidir leis an reilig le feiceáil i dteachaín athchóirithe.
Is baolach go mbeadh deacrachtaí ag daoine faoi mhíchumas dul isteach sna tuamaí. Moltar do chuairteoirí bróga siúil a chaitheamh atá oiriúnach do thír-raon míchothrom.
Suíomh: 5 chiliméadar ó Shligeach /ó bhóthar Bhaile Átha Cliath taobh leis an N4 ag acomhal N4 - R292
4 chiliméadar ó bhaile Shligigh: cloígh leis an R292 amach
go dtí an Leathros
Bealach Bus: Fágann
busanna de chuid Bhus Éireann baile Shligigh ón Luan go dtí an Satharn
Turais Threoraithe:
Uaslíon: 40
Fad: 45
nóiméad - Uair an chloig
Bileog Eolais: Bileog Bhéarla agus treoirleabhar Béarla ar
díol. Eolas féintreoraithe ar fáil as Béarla, as Fraincis, as Gearmáinis,
as Iodáilis, as Spáinnis, as Ollainis, as Sualainnis, as Polainnis, as Seapáinis,
as Ungáiris, as Seicis, as Danmhairgis, as Rúisis, as Portaingéilis, as Bascais
agus as Gaeilge.
Imeachtaí Séasúracha: Ní
bhaineann le hábhar
An gceadaítear grianghraif/físeáin: Ceadaítear, ach ní mór do dhuine ceadúnas a
fháil chun críocha tráchtála