Caisleán Fhearna
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Fearna, Co. Loch Garman
Uimh.
Theileafóin: +353 53 936
6411
Uimh. Fhacs: +353 53 936 6395
R-phost: jerpointabbey@opw.ie
Suíomh gréasáin: Dada
Uaireanta Oscailte
27 Bealtaine- 29 Meán Fómhair
Go Laethúil, 10.00 - 18.00
Meánfhad Turais: 45 nóiméad
Táillí Isteach
Saor ó Tháille
Áiseanna
Taispeántas,
leithris, leithris do dhaoine atá faoi mhíchumas, carrchlós
Bialann/Seomraí
tae: Tá, acmhainn suite 30
Tógadh an caisleán sa 13ú haois, agus b'fhéidir gurbh é William, Earl Marshall a thóg. Ba chearnóg a bhí sa chaisleán, i gcéaduair, le túir mhóra sna cúinní. Níl fágtha anois ach leath den chaisleán. Tá séipéal breá ciorclach sa túr is foirfe acu, le hornáidíocht shnoite. Tá roinnt de na tinteáin a bhí ann i gcéaduair agus íoslach boghtach sa túr freisin. Léirigh tochailtí seandalaíochta claí clochghearrtha lasmuigh de bhallaí an chaisleáin.
Tá Caisleán
Fhearna ar cheann den iliomad suíomh stairiúil atá i bhFearna. Ar na cinn eile atá ann tá prióireacht Naomh Mhuire,
Prióireacht Agaistíneach ón 12ú haois, fothrach d'ardeaglais ón 13ú haois a
bhfuil cuid de ionchorpraithe in Eaglais Naomh Peadar de chuid Eaglais na
hÉireann, eaglais le meánlann bheag agus saingeal; agus roinnt Ardchros atá
seasta i dtailte na heaglaise.
Suíomh: I lár Fhearna
Bealaí Bus: Déan Teagmháil le hIonad Taistil Bhus Éireann ag +353 1 8366111
Turais faoi
Threoir:
Uasmhéid: 15
Aga: 30 nóiméad
Bileog/Leabhar Treorach: Béarla
Imeachtaí Séasúrtha: Déan seiceáil roimh ré le do thoil ag úsáid na
sonraí teagmhála atá liostáilte thuas
Fótagrafaíocht
/ Físeán ceadaithe: Tá
Eolas Breise: Tá rochtain teoranta ar an gcaisleán do chuairteoirí
atá faoi mhíchumas. Tabhair faoi deara
le do thoil gurb ann do staighre cúng ciorclach meánaoiseach. Tá lánrochtain ar an bhfoirgneamh
cuairteoireachta.
Tá 38
painéal ar taispeáint in Ionad na gCuairteoirí ina léirítear stair Fhearna. Ba é Tionscadal Taipéis Fhearna a rinne an
obair seo.