Eaglais Mhuire, Gabhrán
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Gabhrán, Co. Chill Chainnigh
Uimh. Gutháin: +353 56 7726894 (i rith an tséasúir
oscailte) + 353 56 7767726 (i rith an tséasúir dúnta)
Uimh. Facs: Níl ann
Ríomhphost: info@heritageireland.ie
Láithreán
Gréasáin: Níl ann
Uaireanta Oscailte
27 Bealtaine - 1 M. Fómhair: Gach
Lá, 9.30 - 18.00
Am deiridh
iontrála 45 nóiméad roimh am dúnta
Meánfhad Cuairte: 45 nóiméad
Táillí Isteach
Saor in Aisce
Áiseanna
Taispeántas
Bialann/Seomraí
Tae: Níl ann
Tógadh an eaglais choláisteach seo ag deireadh an 13ú aois ar láthair mainistreach a bhí ann roimhe. Rinne "coláiste" - cléirigh a bhí ina gcónaí i bpobal ach nár ghéill do riail mainistreach - freastal uirthi. Chónaigh siad i dteach atá millte anois, in aice na heaglaise. Ba struchtúr mór ilchasta a bhí san eaglais. Bhí pasáiste sa mheánlann (príomhchuid na heaglaise ina suíodh an pobal) agus saingeal fada (an chuid den eaglais ina chuirtear an altóir) agus tá dealbhóireacht ailtireachta d'ardchaighdeán ann. Go deireanach sna meánaoiseanna cuireadh túr mór millteach isteach idir an mheánlann agus an saingeal, agus sa 19ú aois ionchorpraíodh an túr seo isteach in eaglais an pharóiste, a tógadh in áit an tsaingil agus a chlúdaíonn thart ar leath an fhoirgnimh anois. Rinneadh roinnt athruithe eile ar an eaglais ag tréimhsí éagsúla.
Láthair: Lár bhaile Ghabhráin. Lean an N9 ó
Cheatharlach ó dheas i dtreo Bhaile Mhic Andáin
Bealaí Bus: Déan teagmháil le hIonad Taistil Bhus Éireann
+353 1 8366111
Turais
Threoraithe: Turais rialta ar fáil
Bileog Eolais/Treoirleabhrán: Béarla
Imeachtaí
Séasúracha: Seiceáil roimhré le do
thoil, agus na mionsonraí teagmhála thuasluaite á n-úsáid agat
Grianghrafadóireacht
/Físthaifeadadh ceadaithe: Tá, ach cead ag
teastáil chun críocha tráchtála
Eolas Breise: Rochtain
theoranta do chuairteoirí faoi mhíchumais