Faiche Stiabhna
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Faiche Stiabhna, Baile
Átha Cliath 2
Uimh. Gutháin: +353 1 475 7816
Uimh. Facs: +353 1 475 5287
Ríomhphost: info@heritageireland.ie
Láithreán Gréasáin: níl ann
Uaireanta Oscailte
Gairdíní oscailte: Luan-Sath 07.30
Domhnach & Laethanta saoire 09.30
Gairdíní dúnta: de réir uaireanta
solais an lae
Gairdíní oscailte Lá Nollag:10.00-13.00
Meánfhad Cuairte: 1-2 uair
Táillí Isteach
Saor in Aisce
Áiseanna
Áit shúgartha, gairdín do dhaoine lagamhairc.
Bialann/Seomraí Tae: Níl ceann ar bith ar
an láthair ach go leor in aice láimhe
Is dócha
gurb í seo an pháirc Victeoiriach phoiblí is mó aithne in Éirinn. Rinne an
Tiarna Ardilaun í a athoscailt do shaoránaigh Bhaile Átha Cliath in 1880. Tá an
pháirc 9 heicteár/22 acra seo coinnithe sa leagan amach Victeoiriach bunaidh le
go leor plandála crann agus tor agus ceapacha mórthaibhseacha Victeoiriacha san
earrach agus sa samhradh. Cuireann an chiumhsóg bhláthanna dathanna ar fáil ó
go luath san earrach go dtí deireadh an fhómhair. Is féidir tearmann a fháil ó
dhrochaimsir san fhoscadh Victeoiriach cois locha nó sna foscaí Eilvéiseacha
Victeoiriacha i lár na páirce.
Tá breis agus 3½km de chosáin ar fáil do na daoine ar fad. Is fiú cuairt a thabhairt ar an eas agus ar na carraigeacha Pulham ar an taobh thiar den fhaiche, agus ar an loch ornáideach atá mar bhaile déin uisce. Tá gairdín do dhaoine lagamhairc ann freisin. Bíonn an-tóir ar an áit shúgartha do leanaí. Tá roinnt saothar dealbhóireachta lonnaithe sa pháirc. Cuirtear ceolchoirmeacha ar siúl ag am lóin i rith mhíonna an tsamhraidh.
Láthair: Lár Bhaile Átha Cliath, ag barr Shráid Grafton.
Bealaí Bus: Gach bealach go dtí
lár na cathrach.
Turais Threoraithe: Ar fáil ach iad a
iarraidh.
Bileog Eolais: Níl ann
Imeachtaí Séasúracha: Seiceáil roimhré le do
thoil, agus na mionsonraí teagmhála thuasluaite á n-úsáid.
Grianghrafadóireacht / Físthaifeadadh ceadaithe: Tá, ach cead ag teastáil chun críocha tráchtála.