Mainistir Mhuire
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Teach na Caibidle, Lána an Tionóil gar do Shráid Capel, Baile Átha
Cliath 1
Uimh. Gutháin: +353 1 833 1618
Uimh. Facs: +353 1 661 6764
Ríomhphost: casinomarino@opw.ie
Láithreán
Gréasáin: Níl ann
Uaireanta Oscailte
Dean teagmháil leis an Casino, Marino (+353 1 8331618) chun turasaí a shocrú 29 Bealtaine - 27 Meán Fómhair.
Am deiridh iontrála 30
nóim. roimh am dúnta
Meánfhad Cuairte: 1 uair
Táillí Isteach
Saor in aisce
Áiseanna
Taispeántas
Bialann/Seomraí
Tae: Níl ann
Is ceann de na rúin is fearr atá i mBaile Átha
Cliath í Mainistir Mhuire. Bhí sí ar an Mainistir
Chistéirseach ba
shaibhre in Éirinn, tráth. Níl fágtha inniu ach dhá sheomra - an Teach Caibidle
agus an Cosán faoi Dhian. Bhí ról mór ag an Mainistir, a bunaíodh in 1139, i
gcúrsaí an Stáit go dtí gur dhíscaoil Henry VIII í in 1539. Ba é sa Teach Caibidle a
thosaigh Tomás an tSíoda MacGearailt an t-éirí amach nár éirigh leis in 1534
agus is sa chomhthéacs sin a luaitear an Mhainistir sa chaibidil dar teideal
"Wandering Rocks" in Ulysses le James Joyce. Tá taispeántas thar a
bheith suimiúil ann inniu, atá curtha le chéile ag Oifig na nOibreacha Poiblí i gcomhar le Cumann Seandálaíochta
Bhaile Átha Cliath, agus Roinn Stair na hEalaíne Choláiste na Trionóide, Baile
Átha Cliath.
Láthair: Lár Bhaile Átha Cliath, gar do Shráid Capel. Ó Shráid Uí Chonaill
lean líne Luas síos Sráid na Mainistreach Uachtaireach, téigh trasna Sráid
Capel go dtí sráid ar a dtugtar Mainistir Mhuire, ansin tóg an chéad chasadh ar
dheis isteach i Lána na
Caibidle.
Bealaí Bus: idir stopanna Luas Jervis agus na Ceithre Chúirt
Turais Threoraithe: féin-treorach
Caithfear turais a
shocrú roimhré sa séasúr ciúin: Teil: 01 8331618
Bileog
Eolais/Treoirleabhrán: Béarla, Gaeilge
Imeachtaí Séasúracha: Bloomsday 16ú
Meitheamh. Déan teagmháil leis an láthair do thuilleadh eolais ar imeachtaí.
Grianghrafadóireacht /
Físthaifeadadh ceadaithe: Tá. Cead ag teastáil do ghrianghrafadóireacht
tráchtála.
Eolas Breise: Rochtain trí staighre cloiche