Páirc an Fhionnuisce Páirc Náisiúnta Stairiúil
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Na Goirt Bhána, Páirc an Fhionnuisce, Baile
Átha Cliath 8
Uimhir Theileafóin: +353 1 8213021
Uimh. Facs: +353
1 8205584
Ríomhphost: raychel.coyle@opw.ie
Suíomh gréasáin: Níl
Uaireanta Oscailte
Bíonn Páirc an Fhionnuisce oscailte 24 uair an chloig 7 lá na seachtaine, ar feadh na bliana.
Gnáthfhad na Cuairte: 3 4 uair
Táillí Isteach
Tá cead isteach saor in aisce chun na Páirce.
Áiseanna
Ionad Cuairteoirí, Bialann, Seomraí Tae, Zú, Rothair ar Cíos.
Bialann/Seomraí
Tae: An Bhoth Victeoiriach, mar atá thuas.
Tá Páirc an Fhionnuisce a bhfuil 707 heicteár inti ar cheann de na spásanna imfhálaithe caithimh aimsire is mó dá bhfuil in aon phríomhchathair Eorpach.
Ba é Séamus de Buitléir, Diúc Urumhan, agus duine dfhir ionaid cháiliúla an Rí, a bhunaigh Páirc an Fhionnuisce ar son Rí Séarlas II, sa bhliain 1662.
Tá tuairim is 30% de Pháirc an Fhionnuisce brataithe le crainn. Speicis leathanduilleogacha fearann páirce is ea a bhformhór mar shampla an dair, an fhuinseog, an teile, an fheá, an seiceamar, agus an crann cnó capaill. Fástar crainn atá níos ornáidí fós sna himfháluithe éagsúla. Tá tréad Fianna Buí sa Pháirc ó na 1660adaí tráth ar thug Diúc Urumhan isteach iad. Tá Páirc an Fhionnuisce mar thearmann ag roinnt mhaith mamach agus éan agus is iomaí gnáthóg fiadhúlra atá sa pháirc freisin. Ceann de na limistéir seo is ea Gleann an Aitinn a bhainistítear mar limistéar caomhantais.
Tá líon mór de ghnéithe atá tarraingteach do shean agus dóg i nDiméin Bhaile an Ásaigh atá i leataobh ó Thimpeallán Pháirc an Fhionnuisce ar Ascaill Chesterfield. Ina measc tá Caisleán Bhaile an Ásaigh, Gairdín Cistine Imfhálaithe Victeoiriach (táthar i mbun athchóirithe air) a bhfuil dhá acra go leith talún faoi, Ionad Cuairteoirí Bhaile an Ásaigh, An Bhialann, Fionn Uisce, leithris, áit pháirceála do charranna agus do bhusanna, siúlóidí cois coillearnaí, ionad picnicí agus clós súgartha do leanaí (Márta 08).
Tá léirmhíniú stairiúil agus taispeántas closamhairc faoin bpáirc féin faoi mar a bhí sí leis na cianta ar siúl in Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an ionad maidir le sonraí nó áirithintí ach glaoch ar 01 6770095 nó ríomhphost a sheoladh chuig phoenixparkvisitorcentre@opw.ie.
Réitítear tae agus lón sa Bhoth Victeoiriach agus tá áit le haghaidh picnicí taobh amuigh de. Tá sí suite idir Log na mBannaí agus Zú Bhaile Átha Cliath. Is anseo atá na leithris.
Is i Log na mBannaí a bhíonn na hócáidí ceoil ar bun sa samhradh. Déan teagmháil le hOifig na nOibreacha Poiblí chun an clár a fháil.
Tá Zú
Bhaile Átha Cliath a bunaíodh sa bhliain 1830 suite gar don bhealach
isteach ar Shráid Gheata na Páirce. Teileafón +353 1 4748900
Tá Áras
an Uachtaráin, áit chónaithe Uachtarán na hÉireann, ar cheann de na
foirgnimh agus de na séadchomharthaí stairiúla eile atá istigh sa Pháirc. Tógadh é sa bhliain 1750 agus tá sé suite i
lár na páirce cóngarach dÁras Ambasadóir
Stáit Aontaithe Mheiriceá, a tógadh sa bhliain 1774. (Féach ar an suíomh
gréasáin ar leith atá ag Áras an Uachtaráin).
Seirbhísí na Maor Páirce.
Bíonn Maoir Pháirce faoi éide i bhfeighil
na páirce seo de siúl na gcos, ar rothair agus i jípeanna ó 06.30 go 23.30, 7 lá na seachtaine. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo:- 087
2289698 nó 087 2289688, i gcás éigeandála.
Suíomh: Cathair Bhaile Átha Cliath
Bealach (Bealaí) Busanna: Uimhreacha
10, 37, 38, 39,
67, ón lár.
Traein agus Luas Níl ann ach siúlóid bheag ó
Stáisiún Heuston go dtí an bealach isteach chun na Páirce ar Shráid Gheata na
Páirce.
Luas-- Stad Heuston ar an Líne Dhearg (Stáisiún Uí
Chonghaile go Tamhlacht).
Iarnród Bíonn na Traenacha Réigiúnacha agus Traenacha
Comaitéirí ag freastal ar an stáisiún go rialta.
Turais Threoraithe: Níl
Bileog eolais/ Leabhar treorach: Béarla
Bialann/Seomraí Tae: Siopa
Caife agus Bialann
Ócáidí Séasúracha: Seiceáil ar
an suíomh roimh ré; úsáid na sonraí teagmhála thuas, le do thoil
An
gceadaítear Fótagrafaíocht / Físeán: Ceadaítear, ach ní
mór cead a fháil más le haghaidh tráchtála.
Páirc
an Fhionnuisce Fíricí agus Figiúirí:
Ar oscailt
don phobal le breis is 250 bliain
Achar 707
heicteár (1752)
Breis is
200 heicteár (500 acra) faoi choillearnach
22km de
bhóithre
14 km de lánaí
rothaíochta
30km de chosáin
choisithe
11km de bhalla
imlíneach
450 600 i
dTréad na bhFianna Buí
250 dócáidí móra poiblí in aghaidh na
bliana