Ardeaglais Ard Fhearta
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Ard Fhearta, Trá Lí, Co. Chiarraí
Uimhir Theileafóin: +353 66 7134711
Facs: +353 66 7134711
Ríomhphost: ardfertcathedral@opw.ie
Láithreán Gréasáín: Níl.
Uaireanta Oscailte
Cásca 2010 (1 - 7 Aibrean) Gach Lá 10.00 - 18.00
29 Aibrean -29 Meán Fómhair: Gach lá, 10.00 - 18.00
Táillí Isteach
Duine Fásta €3.00
Grúpa agus Seanóir €2.00
Leanbh agus Mac léinn €1.00
Teaghlach €8.00
Cead isteach deiridh: 45 nóiméad roimh am dúnta
Áiseanna
Saoráidí: Níl aon saoráidí
Bialann/Seomraí Tae: Níl
Bhunaigh Naomh Breandán "An Loingseoir" mainistir anseo sa 6ú haois. Tá trí shéipéal mheánaoiseacha, cloch oghaim agus roinnt leaca uaighe ó thúsré na Críostaíochta agus ó na Meánaoiseanna ar an láthair sin anois. Is í an ardeaglais an foirgneamh is sine, ón 12ú - 17ú haois. Tá doras breá Rómhanach taobh thiar uirthi, fuinneog iontach ón 13ú haois taobh thoir agus tá sraith thaibhseach de naoi gcró snáthaide (fuinneoga caola) san fhalla ó dheas. Tá dhá shamhail de phearsana eaglasta ó dheireadh an 13ú haois - tús an 14ú haois crochta in airde ar dhá thaobh na fuinneoige thoir. Cuireadh na forbhallaí léi sa 15ú haois. Is féidir an bloc saoirseachta ó roimh an 12ú haois a fheiceáil go soiléir san fhalla ó thuaidh. Sampla breá den stíl Rómhánach dhéanach is ea ceann den dá shéipéal bheaga agus is gnáthstruchtúr ón 15ú haois an ceann eile a bhfuil snoíodóireacht spéisiúil de vuibhearn ar cheann dá chuid fuinneog.
Tá rochtain ag cuairteoirí faoi mhíchumas ar an láthair taispeántais agus ar an ardeaglais.

Meánfhad Cuairte: 1 uair.
Cead isteach deiridh: 45 nóiméad roimh am dúnta
Suíomh: 10km ó Thrá Lí ar an R551 (Bóthar Thrá Lí go Baile Uí Thaidhg).
Turais Threoraithe:
Ar fáil ar iarratas.
Uaslíon: 40
Fad: 40 nóiméad.
Bileog Eolais/Treoirleabhar: Gaeilge, Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis
Grianghrafadóireacht/Déanamh Físeán ceadaithe: Tá, ach cead riachtanach chun críocha tráchtála
Eolas Breise: Níl