Inis Cathaigh
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Cill Rois, Co. an Chláir
Uimh. Gutháin: +353 65 682 9100 (Ennis Friary Contact No.)
Uimh. Facs: Níl ann
Ríomhphost: scatteryisland@opw.ie
Láithreán Gréasáin: Níl ann
Uaireanta Oscailte
11 Meith - 10 M.Fómhair: Gach Lá, 10.00 - 18.00 (uaireanta cuairte molta)
Déan teagmháil leis an oibritheoir báid
áitiúil maidir le hamanna seolta báid
Meánfhad Cuairte: 1 - 2 uair
Táillí Isteach
Saor in aisce
Táille ar leith a fhorchur ag oibritheoir/í báid
Áiseanna
Leithris
Bialann/Seomraí
Tae: Níl ann
Tá lonnaíocht mhanach
a bhunaigh Naomh Seanán, arb as an oileán dó, go luath sa 6ú haois ar Inis
Cathaigh, oileán atá suite thart ar mhíle amach ó Chill Rois.
Tá fothraigh sé
shéipéal agus ceann de na Cloigthithe is airde in Éirinn, atá 120 troigh ar
airde agus neamhghnách mar go bhfuil a dhoras ag leibhéal na talún ar an
oileán. Bhí mórán ionsaithe ar Inis
Cathaigh síos tríd na haoiseanna; d'ionsaigh na Lochlannaigh é go luath sa 9ú
haois ach fuair Briain Ború an t-oileán ar ais ina dhiaidh sin. Meastar gurb as an bhfocal Lochlannach do
thaisce "Scatty" a tháinig "Scattery".
Is é Teampall Naomh
Mhuire an príomhshéipéal ar an oileán, lonnaithe in aice an chloigthí. Bhí deoise faoi chúram Inis Cathaigh tráth sa
12ú haois. Tá samhailchloigeann easpaig
taobh amuigh d'fhuinneog thoir an Teampaill agus creidtear gur chloigeann Naomh
Seanáin é. Tá meas agus urram ag na
hoileánaithe ar thobar naofa, ar a dtugtar Tobar Sinean in aice an chloigthí. Tá ceangal ag an tobar le gnás a bhíonn ann
ar Lá Fhéile Seanáin, an 8ú Márta chomh maith.
Glactar leis gur bhásaigh Naomh Seanán sa bhliain 544 agus gur cuireadh
é i Leaba Sheanáin in aice Teampaill Sheanáin, séipéal beag Rómhanúil ón 12ú
haois.
Tá taispeántas ar stair an oileáin le feiceáil san ionad fáilte atá lonnaithe gar don ché.
Láthair: Turas báid 2.5km ó Mhuiríne Chill Rois
Bealaí Bus: Déan teagmháil le hIonad Taistil Bhus
Éireann +353 1 8366111 (maidir le
taisteal go Cill Rois)
Turais
Threoraithe: Tá
Bileog
Eolais/Treoirleabhrán: Béarla
Imeachtaí
Séasúracha: Seiceáil roimhré agus
na mionsonraí teagmhála thuasluaite á n-úsáid
Grianghrafadóireacht /
Físthaifeadadh
ceadaithe: Tá ach ceadúnas ag teastáil ar
chúiseanna tráchtála
Eolas Breise: Tabhair ar aird le do thoil go bhfuil taisteal
chuig an oileán ag brath ar an aimsir/an taoide.