
Teachín Eilvéiseach
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Ardfinnan bóthar, An Chathair, Co. Thiobraid Árann
Teil: +353 (0) 52 7441144
Ríomhphost: swisscottage@opw.ie
Láithreán Gréasáin: Níl ann
Uaireanta Oscailte
2019
15 Máta- 26 Deireadh Fómhair: Gach Lá 10.00 - 18.00
27 Deireadh Fómhair - 2 Samhain : Gach Lá 9.30 - 17.00
3 Samhain : Gach Lá 9.30 - 15.30
Turas threoraithe; Dáréag ar a mhéad.
Cead deireanach isteach 45 nóimead roimh am dúnta.
Meánfhad Cuairte: 1 uair
Táillí Isteach
Duine Fásta: €5.00
Grúp-Ráta & Daoine Scothaosta: €4.00
Páiste / Mac Léinn: €3.00
Ráta Clainne: €13.00
Áiseanna
Leithris (lena n-áirítear leithreas do dhaoine faoi mhíchumais) gar don láthair. Carrchlós/buschlós poiblí gar don láthair freisin.
Bialann/Seomraí tae: Níl ann
"Teachín orné" galánta a tógadh go luath sna 1800idí ag Richard Butler, 1ú Iarla Glengall, de réir dearaidh a rinne an t-ailtire Leasríochta mór le rá, John Nash. Tá staighre bíse galánta agus roinnt seomraí atá feistithe amach go hálainn sa taobh istigh. Tá an páipéar balla sa Salon, déanta sa mhonarcha Dufour, ar cheann de na chéad pháipéir bhalla a táirgeadh ar bhonn tráchtála i bPáras. Tá an teachín ar láthair ard agus tá rochtain air le céimeanna cloiche.
Láthair: 2km ó dheas ó Bhaile na Cathrach gar don R670 - bóthar go dtí Ard Fionnán (is Baile Oidhreachta í an Chathair)
Bealaí Bus: Déan teagmháil le hIonad Taistil Bhus Éireann +353 1 8366111
Turais Threoraithe:
Uaslíon daoine: 12
Fad: 30 - 40 nóiméad
Bileog Eolais/Treoirleabhrán: Béarla, Gaeilge, Fraincis, Gearmánais, Iodáilis.
Imeachtaí Séasúracha: Seiceáil roimhré le do thoil, agus na mionsonraí teagmhála thuasluaite á n-úsáid
Grianghrafadóireacht / Físthaifeadadh ceadaithe: Níl ceadaithe laistigh den fhoirgneamh nó ar an turas treoraithe
Eolas breise:
Tabhair ar aird le do thoil gur láthair thar a bheith gnóthach é seo agus go bhféadfadh go mbeadh moill ann i rith mhíonna an tSamhraidh.
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc - ní busanna tar éis 12.00
Caithfear gach grúpa de 10 nó níos mó a chur in áirithint roimhré.
Uaslíon daoine i ngrúpa: 48.