
Eaglais Naomh Audoen
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Margadh an Arbhair (in aice leis an tSráid Ard), Baile Átha Cliath 8
Uimh. Gutháin: + 353 1 677 0088
Uimh. Facs: Níl ann
Ríomhphost: staudoenschurch@opw.ie
Láithreán Gréasáin: Níl ann
Uaireanta Oscailte
21 Aibrean - 26 Deireadh Fómhair 2016: Gach lá, 09.30 - 17.30
Am deiridh iontrála 16.30
Meánfhad Cuairte: 45 nóiméad - 1 uair
Táillí Isteach
Saor in Aisce
Áiseanna
Taispeántas, leithris, leithris do dhaoine a bhfuil míchumais ag dul dóibh
Bialann/Seomraí Tea: Níl ann
Suite i gcroílár chathair mheánaoiseach múrtha, tá Eaglais Naomh Audoen ar an aon eaglais pharóiste mheánaoiseach i mBaile Átha Cliath inniu. Tá sí tíolactha do Naomh Ouen, easpag Rouen sa 7ú haois agus naomhpátrún na Normainne. Tá taispeántais a bhain duais amach in Eaglais Chumainn Naomh Anne a léiríonn tábhacht Eaglais Naomh Audoen i saol na cathrach sna meánaoiseanna. Is féidir le cuairteoirí an chuid den eaglais atá fós á húsáid ag Eaglais na hÉireann mar eaglais pharóiste a fheiceáil. Chomh maith leis sin tá na leachta ón 17ú haois i gcuimhne ar mhuintir Sparke agus samhailtuama Bharún Portlester agus a chéile ón 15ú haois le feiceáil ann.
Láthair: Gar d'Ardeaglais Chríost
Bealaí Bus: Suite i lár na cathrach
Turais Threoraithe:
Uaslíon daoine: 20
Fad: 30 nóiméad
Ní mór do ghrúpaí de 10 nó níos mó na turais threoraithe a chur in áirithint roimh ré
Bileog Eolais/Treoirleabhrán: Bileog Eolais i mBéarla