
Mainistir Mhuire
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Teach na Caibidle, Lána an Tionóil gar do Shráid Capel, Baile Átha Cliath 1
Uimh. Gutháin: +353 1 833 1618
Uimh. Facs: +353 1 661 6764
Ríomhphost: info@heritageireland.ie
Uaireanta Oscailte
DÚNTA GO DTÍ GO BREISE FÓGRA.
Táillí Isteach
Saor in aisce
Áiseanna
Taispeántas
Bialann/Seomraí Tae: Níl ann
Is ceann de na rúin is fearr atá i mBaile Átha Cliath í Mainistir Mhuire. Bhí sí ar an Mainistir Chistéirseach ba shaibhre in Éirinn, tráth. Níl fágtha inniu ach dhá sheomra - an Teach Caibidle agus an Cosán faoi Dhian. Bhí ról mór ag an Mainistir, a bunaíodh in 1139, i gcúrsaí an Stáit go dtí gur dhíscaoil Henry VIII í in 1539. Ba é sa Teach Caibidle a thosaigh Tomás an tSíoda MacGearailt an t-éirí amach nár éirigh leis in 1534 agus is sa chomhthéacs sin a luaitear an Mhainistir sa chaibidil dar teideal "Wandering Rocks" in Ulysses le James Joyce. Tá taispeántas thar a bheith suimiúil ann inniu, atá curtha le chéile ag Oifig na nOibreacha Poiblí i gcomhar le Cumann Seandálaíochta Bhaile Átha Cliath, agus Roinn Stair na hEalaíne Choláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath.
<!--[if !supportLineBreakNewLine]-->
Láthair: Lár Bhaile Átha Cliath, gar do Shráid Capel. Ó Shráid Uí Chonaill lean líne Luas síos Sráid na Mainistreach Uachtaireach, téigh trasna Sráid Capel go dtí sráid ar a dtugtar Mainistir Mhuire, ansin tóg an chéad chasadh ar dheis isteach i Lána na Caibidle.
Bealaí Bus: idir stopanna Luas Jervis agus na Ceithre Chúirt
Turais Threoraithe: féin-treorach
Caithfear turais a shocrú roimhré sa séasúr ciúin: Teil: 01 8331618
Bileog Eolais/Treoirleabhrán: Béarla, Gaeilge
Imeachtaí Séasúracha: Bloomsday 16ú Meitheamh. Déan teagmháil leis an láthair do thuilleadh eolais ar imeachtaí.
Grianghrafadóireacht / Físthaifeadadh ceadaithe: Tá. Cead ag teastáil do ghrianghrafadóireacht tráchtála.
Eolas Breise: Rochtain trí staighre cloiche