Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne (Sí an Bhrú agus Cnóbha)
Sonraí Teagmhála
Eolas do Chuairteoirí:
Seoladh: Dún Uabhair, Contae na Mí
Uimhir Theileafóin: +353 41 988 0300
Uimhir Facs: +353 41 982 3071
ríomhphost: brunaboinne@opw.ie
Láithreán Gréasáin: Níl aon láithreán ann
Uaireanta Oscailte
Socruithe Oscailte:
Dáta Lá Am
Feabhra – Aibreán Gach lá 09.30 – 17.30
Bealtaine Gach lá 09.00 – 18.30
Meitheamh – lár mhí Mheán Fómhair Gach lá 09.00 – 19.00
Lár mhí Mheán Fómhair go deireadh mhí Mheán Fómhair Gach lá 09.00 – 18.30
Mí Dheireadh Fómhair Gach lá 09.30 – 17.30
Samhain – Eanair Gach lá 09.00 – 17.00
Bíonn Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne ar oscailt ó cheann ceann na bliana ach amháin ar an 24, 25, 26, agus an 27 Nollaig. Bíonn Cnóbha ar oscailte ón gCáisc go dtí an 28 Deireadh Fómhair.
Cead isteach deiridh chuig Ionad na gCuairteorí 45 nóiméad roimh dhúnadh na háite.
Meánfhad na Cuairte:
A Taispeántas Uair an chloig
B Taispeántas agus Sí an Bhrú 2 Uair
C Taispeántas agus Cnóbha 2 Uair
D Taispeántas agus Sí an Bhrú agus Cnóbha 3 hUaire
Táillí Isteach
Táillí Isteach: A
A Duine fásta: €3.00
Grúpa & Seanóir: €2.00
Páiste / Mac Léinn: €2.00
Teaghlach: €8.00
B Duine fásta: €6.00
Grúpa & Seanóir: €5.00
Páiste / Mac Léinn: €3.00
Teaghlach: €15.00
C Duine fásta: €5.00
Grúpa & Seanóir: €3.00
Páiste / Mac Léinn: €3.00
Teaghlach: €13.00
D Duine fásta: €11.00
Grúpa & Seanóir: €8.00
Páiste / Mac Léinn: €6.00
Teaghlach: €28.00
Áiseanna
Saoráidí: Carrchlós/clós bus, seirbhís tointeála mionbhus go Sí an Bhrú agus Cnóbha, limistéir radhairc. Tá rochtain gan stró ar an ionad ag cuairteorí atá faoi mhíchumas – lena n-áirítear saoráidí leithris. Oifig eolais do thurasóirí. Limistéar picnice.
Bialann/Seomraí Tae: Seomraí Tae ar féidir 110 duine suí iontu
Is in Ionad na gCuairteoirí a íocann daoine isteach go Sí an Bhrú agus Cnóbha, agus is trí thurais threoraithe amháin a ligtear isteach iad. Níl aon rochtain dhíreach ar na séadchomharthaí sin. Tugtar cuairteoirí ó Ionad na gCuairteoirí go dtí na séadchomharthaí ar bhus tointeála.
Treoracha: Dóibh siúd a úsáideann Córais Seolbhealaigh Shatailíte, tugaidís ar aire gurb é Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne a gceann scríbe.
Bealach/Bealaí Bus: Cuireann Bus Éireann seirbhís bhus ar fáil idir Ionad na gCuairteoirí agus Droichead Átha. Reáchtáiltear an tseirbhís seo i gcomhar le seirbhís Dhroichead Átha go Baile Átha Cliath. Cliceáil anseo led' thoil do amchlár bealaigh. Glaoigh ar Ionad Taistil Bhus Éireann +353 1 8366111 or +353 41 983 5023
Chun miontreoracha breise a fháil, cliceáil an nasc seo leanas: Suíomhanna & Treoracha
Turais Threoraithe: Sí an Bhrú Uaslion 24; Fad: Uair agus 15 noimead & Cnóbha Uaslion 48; Fad: Uair agus 15 noimead.
Ní mór do ghrúpaí cúig dhuine dhéag nó níos mó ná sin iad féin a chur in áirithe roimh ré.
Bileog Eolais/Treoirleabhar: Ar fáil i mBéarla, i nGaeilge, i bhFraincis, i nGearmáinis, in Iodáilis, i Spáinnis agus i Seapáinis
Imeachtaí Séasúracha: Fiosraigh an scéal roimh ré trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála thuas
An gceadaítear grianghraif /físeáin: Ceadaítear, ach amháin taobh istigh d'uaimh Sí an Bhrú. Teastaíonn Cead chun críocha tráchtála.
Eolas Breise:
Cur i Láthair Closamhairc: Méid Suíochán: 30
Fad: 7 nóiméad
Teangacha: Béarla, Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Spáinnis
Tugadh daoine ar aire gur ionad an-ghnóthach é seo agus go bhféadfadh moill a bheith curtha ar chuairteoirí i rith an tsamhraidh. Más ag tabhairt cuairte ar Sí an Bhrú nó ar Chnóbha atá tú, ní féidir a bheith cinnte go ligfear isteach thú. Grúpaí atá curtha in áirithe roimh ré, bítear ag súil go mbeidh siad i láthair in Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne san am ceaptha, agus ní ag na séadchomharthaí.
Moltar do dhaoine a bheith ag an Ionad chomh luath sa lá agus is féidir le ticéid a cheannach do na turais. Údar díomá acu mura bhféadfaidís freastal ar thuras ceal spásanna.