Ionad Cuairteoirí Chath na Bóinne - An Seandroiche
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Cath na Bóinne, An Seandroichead, Droichead Átha, Contae na Mí.
Uimhir Theileafóin: +353 41 980 9950
Uimhir facs: +353 41 9849873
Seoladh ríomhphoist: battleoftheboyne@opw.ie
Láithreán Gréasáin: www.battleoftheboyne.ie
Uaireanta Oscailte
Ionad na gCuairteoirí:
Ní mór do gach grúpa cuairt a chur in áirithe roimh ré.
Márta - Aibreán: Gach lá, 09.30 - 17.30
Bealtaine - Meán Fómhair: Gach lá, 10.00 - 18.00
Deireadh Fómhair - Feabhra: Gach
la, 09.00 - 17.00
Dúntar an tIonad Lá Nollag agus Lá
Caille.
Cead isteach deiridh: Uair an chloig sula ndúntar é
Páirceanna:
Dúntar geata na siúlbhealaí
leathuair an chloig roimh dhúnadh na háite.
Tá cead ag daoine madraí a
thabhairt leo ach ní mór iad a choinneáil ar iall.
Ná rothaítear ar na siúlbhealaí. Ná lastar tinte. Ná bítear ag
campáil.
Meánfhad na cuairte:
An tIonad Cuairteoirí - Uair an chloig
Siúlóidí Féintreoraithe - Uair an
chloig
Táillí Isteach
Duine Fásta €4.00
Grúpa/Seanóir €3.00
Páiste/Mac Léinn €2.00
Teaghlach €10.00
Saorchead isteach chuig na páirceanna (siúlbhealaí thalamh an chatha).
Áiseanna
Saoráidí: Taispeántais, cur i láthair closamhairc, taispeántas airm
mhacasamhail an seachtú haois déag, garraí daingean, clós bus/carrchlós. Tá teacht ag daoine faoi mhíchumas ar an
Ionad, lena n-áirítear Seomra Tae an Phailliúin agus na leithris. Rogha ag duine siúlóid fhéinthreoraithe a thabhairt
air féin ar shiúlbhealaí Thalamh an Chatha agus cois Abhainn na Bóinne. Bítear san airdeall - uisce doimhin.
Bialann/Seomra Tae:
Seomra Tae an Phailliúin
Uaslíon daoine - 100
Tharla Cath na Bóinne ar an gcéad
lá de mhí Iúil 1690 (an t-aonú lá déag de mhí Iúil, de réir fhéilire an lae
inniu). Cath a bhí ann idir Liam Concor III agus a athair céile, Rí Séamus II. Ghlac
an dá Rí ceannas ar a n-airm go pearsanta. Bhí 36,000 saighdiúir ar thaobh Liam
agus 25,000 saighdiúir ag troid ar son Rí Séamus II - an líon trúpaí is mó a
cuireadh chun catha in Éirinn riamh. Is éard a bhí i dtreis eatarthu ná coróin
na Breataine, forlámhas na Fraince san Eoraip agus cumhacht reiligiúnach in
Éirinn.
Tá Ionad Cuairteoirí Chath na
Bóinne lonnaithe i dTeach an tSeandroichid, foirgneamh atá ann ón ochtú haois
déag ar aghaidh agus a athchóiríodh le déanaí. Is ar thalamh an chatha a
sheasann an tIonad. Iad siúd a
bhuaileann isteach chuig Ionad na gCuairteoirí, beidh rochtain acu ar na
gairdíní foirmiúla. Is le haghaidh thalamh an chatha agus na bhfearann páirce
amháin atá an rochtain saor in aisce.
Suíomh:
Tá Ionad na gCuairteoirí suite ar an mbruach theas d'Abhainn na Bóinne, 4 ciliméadar ó thuaidh ó Shráidbhaile Dhún
Uabhair taobh leis na mótorbhealaí M1 agus L21.
Bealaí Bus: Ní bhaineann le hábhar
Turais
Threoraithe: Féintreoir
trí Ionad na gCuairteoirí
Is féidir turais siúil i gcomhair
thalamh an chatha a eagrú roimh ré ach go gcaithfidh grúpa 20 duine nó níos mó
ná sin a bheith ann
Braitheann
turais taobh amuigh ar an aimsir a bheith go maith.
Uaslíon:
40
An fad a
mhaireann an turas : Uair an chloig
Bileog Eolais/Treoirleabhar:
Ar fáil i mBéarla agus i dteangacha eile. Tá rogha leabhar agus cártaí poist
ar díol i seomraí tae an Philliúin.
Imeachtaí
Séasúracha:
Living History ar siúl gach deireadh seachtaine i rith an tsamhraidh. Le liosta
iomlán na n-imeachtaí a fháil, téigh go www.battleoftheboyne.ie
le haghaidh an eolais is deireanaí.