Skip to content

Oidhreacht Éireann

Mainistir na nDoiminiceach ag Port Omna

Eaglais phrióireachta Chistéirseach a ndearnadh Mainistir de chuid na nDoiminiceach de

Unguided sites

Diméin Phort Omna, Co. na Gaillimhe

Access available during daylight hours

Mainistir na nDoiminiceach ag Port Omna

Eaglais phrióireachta Chistéirseach a ndearnadh Mainistir de chuid na nDoiminiceach de

Unguided sites

Diméin Phort Omna, Co. na Gaillimhe

Access available during daylight hours

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta saor in aisce é Mainistir na nDoiminiceach ag Port Omna atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

Mainistir na nDoiminiceach ag Port Omna

Suite ar imeall thuaidh Loch Dearg agus ó dheas de lár bhaile Phort Omna, tá an eaglais phrióireachta Chistéirseach seo a raibh teacht uirthi ón meánaois agus mainistir de chuid na nDoiminiceach mar a bhí inti níos déanaí, bunaíodh í in 1254 nuair a thiomnaigh manaigh Chistéirseacha Dhún Bróithe, Co. Loch Garman séipéal do Naomh Peadar agus Pól. Tar éis é a thréigean, rinneadh mainistir de chuid na nDoiminiceach de in 1426 agus séipéal a bhí tiomnaithe don Mhaighdean Mhuire agus don dá naomhphátrún a bhí ann ó thús. Bhunaigh Murchad Ó Madáin ó thiarnaí cumhachtacha Na Madáin de Shíol Amnchadha é sin ag tús an 15ú haois.

Díscaoileadh an mhainistir c.1582 le linn do Eilís I Shasana a bheith i réim, agus bronnadh í ar Ulick Burke, 3ú Iarla Chlann Riocaird.

Díreach sular thosaigh Cogadh an Dá Rí nó Cogadh Rí Liam mar a thugtaí air freisin (mí an Mhárta 1689 – mí Dheireadh Fómhair 1691), phós Patrick Sarsfield (1655-1693) a bhí 34 bliain d’aois, chéad Iarla Leamhcáin, ar an 9 Eanáir 1689, Honora Burke anseo, nach raibh ach 15 bliana d’aois (1674–1698), iníon William Burke, 7ú Iarla Chlann Riocaird.

Tar éis Cath Eachroma i mí Iúil 1691, cuireadh iallach ar na manaigh dul ar a dteitheadh agus díbríodh na Doiminicigh go foirmiúil ar an 1 Bealtaine 1698. D’fhan roinnt acu sa cheantar agus faoi thús an 18ú haois bhí siad istigh sa mhainistir arís ar feadh tamaillín gearr, agus bhí cónaí orthu in aice láimhe sa Bhuaile agus i nGort an Iomaire suas go dtí an 19ú haois. Úsáideadh an cór arís, idir 1762 agus 1810, mar áit adhartha áitiúil Eaglais na hÉireann.

Istigh sa mhainistir tá séipéal le corp na heaglaise, an saingeal agus na croslanna, chomh maith le clabhstra agus foirgnimh chónaithe. Ag dul siar go dtí an 13ú haois, agus cuid den eaglais phrióireachta Chistéirseach bhunaidh seans, tá dhá fhuinneog sna ballaí ó thuaidh agus ó dheas a bhfuil gob caol orthu. Gabhann an chuid eile den séipéal siar go dtí ré na nDoiminiceach sa 15ú haois. Tógadh na fuinneoga sa stíl Ghotach, agus tá féitheach mionsaothraithe an-ghalánta san fhuinneog ceithre léargas ar an taobh thoir atá fós ann, agus tá an fhuinneog trí léargas sa chroslann ó dheas i ndea-riocht freisin.

Ar an taobh ó thuaidh den choimpléacs tá clabhstra agus sacraistí, agus tógadh roinnt de stuaraí inmheánacha na mainistreach as an nua sna 1950idí. Idir corp agus saingeal an tséipéil sheas túr ar ceithre stua ghalánta bhioracha fadó.

Tá bailiúchán mór de leaca tuamaí agus de phlaiceanna cuimhneacháin ón meánaois, a bhfuil roinnt acu snoite go hálainn, le fáil istigh i mballaí an tséipéil, agus tá fuinneog cheathairdhuille bheag an-aisteach ach an-ghalánta sa sacraistí ó thuaidh den saingeal. Tá ceann aisiompaithe, de Naomh Peadar an Mairtíreach seans, ar céasadh é bunoscionn, snoite ag bun ursain chlé an dorais Ghotaigh ar an mbealach isteach chuig an sacraistí. Siod é uaigh 14ú Iarla Chlann Riocaird freisin, Ulick John De Burgh agus a bhanchéile Harriet (Canning roimh phósadh, iníon an Phríomhaire George Canning).

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá cosaint ag an séadchomhartha náisiúnta seo de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Áiteanna le foireann

Áiteanna gan treoir

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.