Mainistir Phroinsiasach na Craoibhe Léithe
Fothracha breátha na Mainistreach Proinsiasaí deiridh a bunaíodh in Éirinn
Unguided sitesDroim Dhá Thiar, An Chraobh Liath, Co. Liatroma
Access available during daylight hours
Áiseanna
- Carrchlós
Fothracha breátha na Mainistreach Proinsiasaí deiridh a bunaíodh in Éirinn
Unguided sitesDroim Dhá Thiar, An Chraobh Liath, Co. Liatroma
Access available during daylight hours
Séadchomhartha Náisiúnta saor in aisce é Mainistir Phroinsiasach na Craoibhe Léithe atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
Suite siar ó dheas den Bhuannaid, craobh-abhainn thábhachtach de Loch Gile, bunaíodh mainistir na Craoibhe Léithe don Ord Proinsiasach in 1508. Is í Margaret O’Brien Thuamhan, banchéile Eoghain Uí Ruairc, Tiarna Bhréifne Thiar a bhunaigh é, agus choisric an tEaspag Thomas Mac Brady, Easpag na Cille Móire é, in 1511. Cuireadh Margaret anseo in 1513 agus cuireadh Eoghan ann in 1528. De réir thaifid Annála na gCeithre Máistrí lasadh go talamh de thaisme é in 1536, agus scriosadh cuid mhaith leabhar luachmhar agus soitheach beannaithe sa dóiteán. Rinne mac bhunaitheoirí na mainistreach, Bryan Ballach O’Rourke, athchóiriú air ina dhiaidh sin. Díbríodh na manaigh amach as an láthair roinnt uaireanta ag deireadh an 16ú haois, agus in 1642 chuir saighdiúirí Chromail iallach orthu imeacht arís. Tréigeadh an mhainistir sa deireadh ag deireadh an 17ú haois.
Tá fothracha de theach caibidle, sacraistí, bácús, teach screaptra agus oifigí eile tí i mainistir na Craoibhe Léithe, chomh maith le séipéal ina bhfuil corp na heaglaise, croslann, cór agus túr. Le linn an 17ú haois, rinneadh cóiríocht chónaithe den chloigtheach mór millteach. Tá dearadh dea-chóirithe ar leith ar Fhuinneog Thoir an tséipéil. Bhí díon ceann tuí ar an séipéal ag tráth amháin. Tá dhá íomhá shnoite de San Proinsias Assisi, ceann ina raibh sé ag seanmóireacht d’éin, le feiceáil i stuaraí an chlabhstra agus tá maisiúcháin eile atá snoite go galánta le fáil sa séipéal ag bun beagnach gach ceann de mhuillin na bhfuinneog.
Toisc gurbh é seo an mainistir deiridh de chuid na bProinsiasach a tógadh sular dhíscaoil Anraí VIII Shasana na mainistreacha idir 1536 agus 1541, tá an dearadh ailtireachta uathúil céanna air le mainistreacha eile agus gan aon mheascán de na stíleanna forásacha ann a fhaightear i bhfoirgnimh reiligiúnacha níos sine a forbraíodh i gcéimeanna de réir mar a d’fhás a gcuid pobal ó thaobh daonra agus saibhris de.
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá cosaint ag an séadchomhartha náisiúnta seo de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Lean lorg na bplandálaithe agus na nGael
Timpeall 4.1 km ón Mainistir Phroinsiasach na Craoibhe Léithe
Áit a mbaintear macalla as paidreacha na mbráithre i measc na bhfothrach
Timpeall 11.3 km ón Mainistir Phroinsiasach na Craoibhe Léithe
Na tuamaí meigiliteacha is sine in Éirinn suite i dtírdhreach drámatúil neoiliteach
Timpeall 13.8 km ón Mainistir Phroinsiasach na Craoibhe Léithe
Ceann de na mainistreacha is fearr caomhnaithe ón meánaois in Éirinn
Timpeall 54.6 km ón Mainistir Phroinsiasach na Craoibhe Léithe
Mainistir a bhfuil baint ag Naoimh agus Tiarnaí Gaelacha léi
Timpeall 57.4 km ón Mainistir Phroinsiasach na Craoibhe Léithe
Mainistir atá suite ar shlí oilithreachta thábhachtach
Timpeall 91.6 km ón Mainistir Phroinsiasach na Craoibhe Léithe