Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Caisleán Urmhumhan (5)

  1. An Gailearaí Fada

    An Gailearaí Fada

    Caithfear an Gailearaí Fada ag Caisleán Urmhumhan a fheiceáil. Tá an gailearaí ollmhór seo 33 méadar ar fhad, agus tá sé ar cheann de na samplaí is luaithe agus is fearr de ghailearaí fada in Éirinn. Tá clú agus cáil air mar gheall ar a obair phlástair mhaisiúil a bhfuil tábhacht stairiúil léi, ina bhfuil portráid bhrád den Bhanríon Eilís I agus Rí Éadbhard VI chomh maith le siombailí a bhaineann le Sasana agus leis na Túdaraigh. Níl a shárú le fáil sa tír ó thaobh

  2. Seoda an Chaisleáin

    Seoda an Chaisleáin

    Déan cinnte go dtógfaidh tú am chun sásamh a bhaint as na pictiúir agus na taipéisí atá crochta ar na ballaí, ach ná déan dearmad faoin troscán seanré álainn atá i ngach seomra. Ina measc seo tá leaba dharach a théann siar go 1606 agus cliabhán ó ré an Bhanraíonn Anne.

  3. An Seomra Taispeántais

    An Seomra Taispeántais

    Caith súil ar ár dhá leabhair idirghníomhacha, a insíonn scéal suimiúil an chaisleáin, na daoine a mhair ann agus an obair athchóirithe a rinne Oifig na nOibreacha Poiblí ar bhealach nua agus spreagúil. Tá samhail ann bunaithe ar an taighde is déanaí a thaispeánann an cuma a bhí ar Chaisleán Urmhumhan nuair a bhí sé i mbarr a réime, agus taipéis nua-fhite a thaispeánann radhairc ó theaghlach Túdarach.

  4. Turais Threoraithe

    Turais Threoraithe

    Foghlaim faoi scéalta a bhaineann le concas, cumhacht, ríochas agus reibiliún de réir mar a threoraíonn ár dtreoraithe díograiseacha thú tríd an mainéar Eilíseach is breátha in Éirinn. Le linn an turais, a thosaíonn ag amanna rialta i rith an lae, tugtar léargas iontach ar Bhuitléirí Urmhumhan, ceann de phríomhtheaghlaigh uasal na hÉireann le breis agus 500 bliain. Sa turas, feicfidh tú an parlús, an seomra bia nua, an Gailearaí Fada, seomra an iarla, an túr thoir agus an t-áiléar. Bí faoi gheasa ag an obair plástair ornáideach, an troscán seanré álainn agus an obair athchóirithe iontach. Faoi dheireadh an turais de 40 nóiméad aontóidh tú gur ceann de seoid ceilte na hÉireann í Caisleán Urmhumhan.

  5. Scannán Beochana a bhfuil Duaiseanna Buaite aige

    Scannán Beochana a bhfuil Duaiseanna Buaite aige

    Cuireann ár dhá scannán de seacht nóiméad an ceann beocht sa dráma daonna atá i gcroílár scéal Chaisleán Urmhumhan. Cuirtear dearcadh Black Tom, 10ú hIarla Urmhumhan, i gcodarsnacht le dearcadh a bhean chéile Sasanaí, Elizabeth Berkeley. Spreagtha ag Image of Irelande le John Derrick, i measc na carachtair atá sa scéal tá Anne Boleyn, an Bhanríon Eilís I, an tUasal Henry Sidney, an Pápa Gregory XIII agus muintir Mhic Gearailt Deasmhumhan. Tá fotheidil ar fáil i nGaeilge, Gearmáinis, Fraincis, Iodáilis, Spáinnis agus i Sínis.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.