Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Muilte Arbhair agus Lín an Mhuilinn Úir (4)

  1. Tóg Turas

    Tóg Turas

    Téigh siar sna blianta agus fiosraigh obair muilinn athchóirithe. Tá treoraithe an Mhuilinn Úir lán le faisnéis agus is breá leo é a chur i láthair ar bhealach díograiseach tarraingteach. Tóg ceann dár dturais threoraithe agus cuirfear beocht sa stair.

  2. Breathnaigh ar an Scannán

    Breathnaigh ar an Scannán

    Inár scannán úrscothach, insítear scéalta na ndaoine a raibh baint acu leis na muilte. Tabharfaidh sé fíorbhlas duit ar an saol a bhí acu siúd a chuir na hamhábhair ar fáil don tionscal línéadaigh, arb é cnámh droma gheilleagar Victeoiriach Uladh, agus a chuir soláthairtí fíorthábhachtacha bia ar fáil don daonra.

  3. Painéil a bhfuil Ábhar Machnaimh iontu

    Painéil a bhfuil Ábhar Machnaimh iontu

    Tugann an tsraith painéal den scoth atá ar an mballa léargas ar scéal an Mhuilinn Úir. Faigh amach faoi stair chasta an láithreáin – cé gur thosaigh sé beag, tháining fás agus forbairt air go dtí go raibh teach tábhairne, teachín scuitseála, ceárta agus gnó easpórtála grósaera ar an suíomh. Is cinnte go mbeidh tú gafa ag stair ilghnéitheach an áit seo.

  4. Roth Uisce in Úsáid Fós

    Roth Uisce in Úsáid Fós

    Is deis annamh é cuairt ar an Muileann Úr chun breathnú le do shúile féin ar an teicneolaíocht a spreag an Réabhlóid Thionsclaíoch. Bí faoi gheasa ag an roth ollmhór muilinn atá fós ag feidhmiú – ceann de na rothaí uisce is mó a fheidhmíonn fós sa tír – agus tú ag spaisteoireacht timpeall an láithreán bríomhar seo.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.