Oibrigh linn : Lamháltais caifé
Tá áiseanna caifé den scoth ag roinnt mhaith láithreáin oidhreachta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí. Bímid ag súil go gcuirfidh gach gné de chuairt ar Láithreán Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí, lena n-áirítear na Caiféanna agus na Seomraí Tae, scoth na hÉireann i láthair dár gcuairteoirí intíre agus idirnáisiúnta. Tá ról tábhachtach ag an tairiscint bhia agus deochanna i gcur chun cinn ár n-oidhreachta náisiúnta.
Reáchtáiltear na caiféanna agus na seomraí tae seo ar bhonn lamháltais agus fógraítear na lamháltais ar ríomhthairiscintí de réir mar a thagann siad chun cinn.
Tairiscintí Reatha ar fáil
Crannlann agus Páirc Chuimhneacháin JFK
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag lorg Tairiscintí chun Seirbhísí Seomra Tae a chur ar fáil ag Crannlann John F Kennedy, Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman
Tairiscintí Reatha ar fáil
Garraithe Náisiúnta na Lus, Cill Mhochura
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag lorg Tairiscintí chun Seirbhísí Seomra Tae a chur ar fáil i nGarraithe Náisiúnta na Lus, Cill Mhochura