Skip to content

Oidhreacht Éireann

Carraig Dhún Másc

Suíochán Ríthe ársa na hÉireann

Unguided sites

Dún Másc, Achadh na hAidhle, Co. Laoise

Access available during daylight hours

Carraig Dhún Másc

Suíochán Ríthe ársa na hÉireann

Unguided sites

Dún Másc, Achadh na hAidhle, Co. Laoise

Access available during daylight hours

Srianta

  • Coisbheart oiriúnach

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta saor in aisce é Carraig Dhún Másc atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Tá spás le haghaidh thart ar 8 gcarr chun páirceáil le taobh na hiontrála chuig an séadchomhartha faoi láthair* Bí an-chúramach sa limistéar seo, le do thoil, mar níl sé sábháilte seasamh ar an mbóthar ag cur san áireamh gluaisteáin atá ag dul thart*

Carraig Dhún Másc

Tagann an t-ainm Dún Másc ón nGaeilge, rud a chiallaíonn Dúnfort Mhásc. Ba é dún Ríthe Éireannacha Laoise é tráth den saol. D’ionsaigh na Lochlannaigh an dún in 845, ach bhí Dún Masc ar cheann de na daingniúcháin Angla-Normannacha ba thábhachtaí in Éirinn ina dhiaidh sin.

In 1170, nuair a phós Aoife, iníon Rí Laighean Diarmuid Mac Muirbheach, Strongbow, ba chuid de spré Aoife Dún Másc. Tharla an rud céanna nuair a phós a n-iníon, Isabel, Iarla Pembroke, William Marshal.

In 1320, d’ionsaigh fórsaí áitiúla na nGael Dún Másc, agus is cosúil gur tréigeadh é sa dara leath den 14ú haois. Baineadh úsáid as arís sna 1640idí le linn Chogaí na Comhdhála in Éirinn, ach rinneadh damáiste mór de in 1650 le linn ionradh Chromail.

Rinneadh tochailtí seandálaíochta ar an láthair i lár na 1990idí, áit ar thángthas ar os cionn 5,500 ábhar. Rinneadh oibreacha caomhnaithe ar na déanmhais chloiche freisin tar éis na dtochailtí. Léigh an t-alt a scríobh Martin Luby chun tuilleadh sonraí a fháil maidir leis an saothar sin: https://heritageireland.ie/articles/conservation-project-at-the-rock-of-dunamase/

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá cosaint ag an séadchomhartha náisiúnta seo de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Áiteanna le foireann

Áiteanna gan treoir

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.